Éamon Ó Cuív
Ceist:95 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Comhshaoil cén fáth a bhfuil ar dhuine a thug isteach carr ó Shasana i 1993 agus nár chuir ar an mbóthar é go dtí 1995, agus a bhfuil deimhniú aige dá réir ó na Gardaí, cáin bóthar dhá bhliain a íoc; agus chun a fhiafraí de an gceapann sé go bhfuil sé seo éagórach. [17441/95]