Ainneoin go gcreidim go bhfuil an ceart ag an Aire nuair a deir sé gur dearnadh botún i 1973, an nglacfadh an tAire leis go bhfuil na cuinsí éagsúil ar fad anois mar go bhfuil i bhfad níos mó tiortha beaga san Aontas anois ná mar a bhí ann an t-am sin? An nglacfadh an tAire leis go bhfuil an cheist seo fíor-thábhachtach i gcóthéacs na fostaíochta go mórmhór do dhaoine a bhfuil Béarla agus Gaeilge acu agus Gaeilge agus teangacha eile acu? Tá sé tábhachtach freisin sa mhéid gur chaill muid amach ar chistíocht atá ar fáil do na teangacha oibre taobh istigh den Eoraip agus an nglacann sé leis go bhfuil gach seans ann de bharr an méadú thar cuimse atá tagtha ar an Aontas Eorpach, go dtarlóidh sé go mbeidh dhá rangú á dhéanamh ar theangacha an Aontais? Bheadh teangacha ar nós na Fraincíse, an Bhéarla agus na Gearmáinise sa chéad rangú agus an Danmhairgis, an Fhionnlanais agus teangacha eile sa dara rangú. An gceapann an tAire, dá dtarlódh sé sin go mbeadh sé riachtanach don tír seo éileamh a dhéanamh go gcomhaireofaí an Ghaeilge ar aon chéim leis na teangacha sin?