Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 28 Nov 1995

Vol. 458 No. 8

Written Answers. - Cursaí Printíseacha Gaeilge.

Micheál Martin

Ceist:

47 D'fhiafraigh Mr. Martin den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an gcuirfear cursaí cuí printíseachta agus ceirde ar fáil trí mheán na Gaeilge le freastal ar riachtanais na dtionscal Gaeltachta ó thaobh daonchumhachta de agus ar riachtanais cainteoirí Gaeilge atá páirteach in oideachas den saghas seo. [17779/95]

Is faoi FÁS a thagann an Córas Printíseachta Náisiúnta. Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go mbíonn sé mar bheartas aige gur i nGaeilge ba chóir a reachtálfaí gach cúrsa printíseachta a mbíonn baint aige leis; go gcuireann FÁS méid áirithe de na cúrsaí ar fáil trí Ghaeilge ach nach leor a líon; go ndéanann an córas printíseachta freastal an-mhaith ar riachtanais dhaonchumhachta na Gaeltachta agus ar riachtanais na bprintíseach féin ó thaobh scileanna, ceird, cáilíocht agus poist a bhaint amach; go gcoinníonn sé an raon de chúrsaí printíseachta agus ceirde atá ar fáil faoi bhreithniú; agus i gcásanna cuí, go gcuirtear cúrsaí ar fáil lasmuigh de chóras na bpríntíseach chun freastal ar riachtanais (sna cursaí áirithe seo cuirtear béim mhór ar an nGaeilge agus freastalaíonn siad ar riachtanais cainteoirí Gaeilge na Gaeltachta).

Barr
Roinn