Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 30 Jan 1996

Vol. 460 No. 6

Written Answers. - Múinteoirí Feabhais le h-aghaidh Gaelscoileanna.

Éamon Ó Cuív

Ceist:

190 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais an bhfuil iarratas faighte ag an Roinn ó Ghaelscoil Dara, An Rinn Mhór, Gaillimh, do mhúinteoir feabhais; agus an mbeadh sí sásta múinteoir feabhais a cheapadh idir Ghaelscoil Dara, Gaelscoil Mhíc Amhlaigh, uimhir rolla 19994G agus Gaelscoil de hÍde, uimhir rolla 199980.

Fuair mé iarratas go gceapfaí oide feabhais ó Ghaelscoil Dara, An Rinn Mhór, Gaillimh.

Ag an am seo ní féidir liom a rá leis an dTeachta ciocu a bheidh mé ábalta postanna breise d'oidí feabhais a bhunú i mbunscoileanna nó ná beidh.

Bhunaigh mé 55 phost le haghaidh oidí feabhais i mbunscoileanna le héifeacht ó Mhí Mheán Fómhair 1995. Dáileadh na postanna seo de réir oird tosaíochta a bunaíodh ar thaighde agus anailís a rinne cigirí bunscoileanna mo Roinnse.

Tar éis na gceapachán sin is é líon iomlán na n-oidí feabhais sna bunscoileanna anois ná 1,188 (míle aon chéad agus ochtó hocht).

Breithneoidh mé ceist phostanna breise a bhunú sa réimse seo go rialta mar a bheidh acmhainní ar fáil. Cuirfear riachtanais na scoileanna go léir, agus na scoileanna a luaigh an Teachta ina measc, san áireamh sa chomhthéacs sin. 1996.
Barr
Roinn