Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 31 Jan 1996

Vol. 460 No. 7

Adjournment Debate. - Scéimeanna Feabhsúcháin agus Bóithre Áise sa Ghaeltacht.

Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an Aire Stáit as ucht teacht agus éisteacht leis an gcás seo. Sílim go bhfuil fhios ag an Aire agus ag an Aire Stáit go díreach cé mar a sheasann cúrsaí. Go dtí seo ní bliain mhaith a bhí ann don Ghaeltacht. Dhein mé scrúdú beag ar na Meastacháin le gairid agus fuair mé amach go raibh ardú cúig faoin gcéad — nó ocht faoin gcéad go hiomlán — ar Mheastacháin na Roinne. Nuair a rinne mé dian staidéar ar na Meastacháin ansin fuair mé amach go raibh ardú naoí faoin gcéad ar Ealaín agus Cultúr, cúig faoin gcéad ar Oidhreacht, go raibh ardú 15 faoin gcéad ag baint le craoladh agus scannánaíocht agus nuair a bhaineann tú Teilifís na Gaeilge as sin go bhfuil fós cúig faoin gcéad d'ardú ó thaobh scannánaíochta de. Is ionann sin agus ardaithe suntasacha do ghnéithe den Roinn a bhaineann le ceantair taobh amuigh den Ghaeltacht nó le gnéithe taobh amuigh den Ghaeilge. Nuair a dhein mé scrúdú ar ghnéithe na Gaeltachta agus na Gaeilge fuair mé amach go raibh laghdú 14 faoin gcéad ar airgead na Gaeilge agus na Gaeltachta i mbliana.

Nuair a bhriseann tú é seo íos feiceann tú go bhfuil laghdú 13 faoin gcéad ar an méid airgid a cuireadh i leataobh le haghaidh tithíochta sa Ghaeltacht agus seacht faoin gcéad ar na scéimeanna cultúir agus sóisialta, 17 faoin gcéad don Údarás agus an t-aon mhéadú a tháinig i mbliana ná sé faoin gcéad ar Scéimeanna Feabhsúcháin sa Ghaeltacht. Ach caithfear cuimhneamh go bhfuil bunáite an ardaithe sin ann i ngeall ar an ardú a tugadh i lár an tsamhraidh anuraidh do na comharchumainn Gaeltachta — ardú a bhí ag dul dóibh le blianta fada. Mar sin ar gach mír Gaeltachta tá gearradh siar nuair atá méadaithe sna míreanna eile ar fad i Meastacháin na Roinne.

Ar an gcéad lá den mhí seo d'fhógair an tAire i bpreas ráiteas a d'eisigh sé go raibh deireadh á chur aige le deontas na ndóirse agus na bhfuinneoga sa Ghaeltacht. Ba aisteach an lá a roghnaíodh leis an bhfógra seo a dhéanamh. Cad a chiallaíonn seo? Cé bheidh thíos leis? Daoine óga na Gaeltachta, daoine ar ioncam íseal go dtarlaíonn gur leo a gcuid tithe féin, rud atá thar a bheith coitianta faoin tuath in Éirinn agus go mór mhór sa Ghaeltacht. Tugadh faoiseamh do na sean daoine ach má tugadh féin tá gá le leasú maidir leis an gcaoi a oibríonn scéim na Roinne i dtaca leis an Scheme For Housing Aid for the Elderly agus an Essential Repairs Grant.

Anois tá trí scéim do na sean daoine agus níl tada do na daoine óga.

Tá an Ghaeltacht thiar leis an gcinneadh seo a shábháilfidh £200,000 san iomlán ar an Roinn. Cinnteoidh sé go bhfuil dochar nach beag déanta don dream sin sa Ghaeltacht atá tar éis gnótha a fhorbairt agus fostaíocht a chur ar fáil bunaithe ar an deontas seo a bheith ar fáil. Déanfaidh sé dochar do thionscal na tógála sa Ghaeltacht. Níl aon amhras faoi sin. Agus caithfidh an tAire cuimhneamh go mbíonn ar dhuine a bheith cláraithe le go mbainfidh sé tairbhe as an scéim seo. Agus nílimid ag caint ar dheontas mór. Naoi gcéad punt an t-uas deontas le dóirse agus fuinneoga. Má bhí rud ar bith le déanamh leis an scéim seo bhí se thar am go leathnófaí é amach go dtí an Ghalltacht seachas é a ghearradh siar sa Ghaeltacht.

Muna raibh an buille sin trom go leor do phobal na Gaeltachta fuair muid scéal lá na cáináisnéise nach bhfuil i gceist oiread agus pingin rua a chaitheamh i mblianna ar Sceim na mBóithre Aise. Fuair Contae na Gaillimhe £85,000 ón Roinn anuraidh faoin scéim seo. Chuir Comhairle Chontae na Gaillimhe punt ar phunt leis an scéim, rud a chiallaigh go raibh suas le £160,000 in aghaidh na bliana leis an bhfadhb ollmhór atá againn leis na bóithre beaga áise sa Ghaeltacht. Tá an t-airgead sin curtha ar ceal anois. Le blianta beaga anuas bhí dul chun cinn nach beag á dhéanamh maidir leis na bóithre áise. Dúirt feidhmiúchán amháin de chuid an chomhairle chontae liom le gairid dá mbeadh an scéim ann ar feadh cúig bliana eile go mbeadh bunáite na faidhbe réitithe. Tá caint ag an Aire maidir le scéim eile. Faoi mar atá an scéal i gContae na Gaillimhe faoi láthair tá moill cúig bliana le hiarratais faoin scéim sin. Cé dhéanfaidh na bóithre portaigh anois? Cé dhéanfaidh na bóithre isteach go dtí tithe nach bhfuil aon bhóthar ag dul isteach chucu cheana féin? Is léir go bhfuil Roinn na Gaeltachta ag tarraingt siar as na scéimeanna seo ar fad.

Tá sé gceist ag an Aire an t-airgead seo a chaitheamh ar chéibheanna. Tá £80,000 d'airgead na comhairle chontae caillte anois ag an nGaeltacht ach thairis sin freisin tá fhios ag an Aire go maith nach ndéanfadh ceithre scór míle punt tada do chéibheanna mar atá le déanamh sa Ghaeltacht. Is léir nach bhfuil an Roinn dáiríre faoin nGaeltacht mar cheantar a thuilleadh, go bhfuil siad ag tarraingt siar as an nGaeltacht agus dairíre dá mbéadh macántacht ar bith ag baint leis an gcúram anois ó thaobh an Rialtais seo d'athreoidís ainm na Roinne on Roinn Ealaín, Cultúir agus Gaeltachta go dtí an Roinn Ealaín, Cultúir agus Gaeilge agus déarfaidís le muintir na Gaeltachta nach ann doíbh níos mó chomh fada agus a bhaineann sé leis an Rialtas seo.

Maidir le Scéim na mBóithre Áise, is suim theoranta airgid a bhíodh ag mo Roinnse le caitheamh ar bhóithre sa Ghaeltacht — rud a chiallaigh nach raibh ar a cumas ach freastal ar líon beag den iliomad iarratas ar chúnamh a fuarthas gach bliain. Anuraidh, cur i gcás, ní rabhthas ach in ann deontais a cheadú i leith thart ar 80 bóthar nó timpeall 10 faoin gcéad den 800 iarratas nó mar sin a fuarthas.

Is oth liom nach bhfuil aon soláthar i Vóta mo Roinne i mbliana le haghaidh caiteachais ar bhóithre Gaeltachta. Tá suim mhaith airgid, áfach, i.e. £3.35 million ar fáil i mbliana le caitheamh ar Scéimeanna Feabhsúcháin sa Ghaeltacht. Tá an t-airgead sin in áirithe le haghaidh oibreacha a bhfeictear tosaíocht níos mó a bheith leo ná bóithre — go háirithe ar mhuiroibreacha ar na hoileáin Ghaeltachta agus ar fhorbairt na comharaíochta sa Ghaeltacht i gcoitinne. Glacaim leis, áfach, go bhfuil díomá ar mhuintir na Gaeltachta go bhfuil deireadh curtha le Scéim na mBóithre Áise. Dá réir sin, nuair a bheidh cúrsaí níos soiléire thart faoi lár na bliana maidir le caiteachas mo Roinne i 1996 ar Scéimeanna Feabhsúcháin sa Ghaeltacht, breithneofar an scéal tuilleadh, i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, féachaint an dtig linn soláthar éigin a chur ar fáil i mbliana chun bóithre áise agus bóithre portaigh sa Ghaeltacht a fheabhsú.

Dhein sibh dearmad.

Má bhíonn airgead ar fáil ag an tráth sin, is é an cur chuige a bheadh i gceist — ar mhaithe le trédhearcacht, prionsabail dhaonlathacha agus dílárú feidhmeanna — ná blocdheontas bunaithe ar dhaonra na Gaeltachta sna contaetha Gaeltachta ar leith mar chéatadán de dhaonra na Gaeltachta in iomlán a thabhairt do na comhairlí contae mar a déanadh i 1995. D'fhágfaí faoi na comhairlí contae ar leith na bóithre a roghnú i gcomhairle le stiúrthóirí áitiúla mo Roinne agus an obair a dhéanamh.

Idir an dá linn, tá cainteanna ar siúl idir m'oifigigh féin agus oifigigh na Roinne Comhshaoil chun freastal níos fearr agus níos éifeachtaí a dhéanamh ar na riachtanais i gceist. Beifear ag súil leis go ndéanfaidh na húdaráis áitiúla freastal ar na bóithre Gaeltachta i mbliana faoin Scéim LIS. Beidh cainteanna againn chomh maith le hÚdarás na Gaeltachta, eagrais phobail agus na comharchumainn.

Maidir leis na deontais feabhsúcháin tithíochta ba mhaith liom a dheimhniú láithreach don Teach seo go bhfuil na deontais sin ar fáil sa Ghaeltacht i gcónaí. Tá deontais ar fáil d'oibreacha substaintiúla ar bhunchreatlach tithe — mar shampla díon nua, úrlár nó síleáil nua, athchóiriú ginearálta agus a leithéid. Chomh maith leis sin, tá deontais ar fáil i gcónaí do shaoráidí sláintíochta nua cosúil le huisce, séarachas, seomra folctha agus freisin chun feabhsú a dhéanamh ar shean-chóras uisce nó séarachais.

Níl san athrú a rinneadh le héifeacht ó 1 Eanáir 1996 ar dheontais fheabhsúcháin tithíochta mo Roinne ach nach gcuirfear san áireamh feasta le haghaidh deontais oibreacha a bhaineann le hathnuachan: (a) fuinneoga agus dóirse seachtracha atá fabhtach, agus (b) gáitéir, fánphiobáin, éadanchláir agus tairr.

Déanfar eisceacht i gcás iarratasóirí atá os cionn 66 bliain d'aois agus gur leo féin an teach lena mbaineann an t-iarratas.

Bhí gá leis na leasuithe áirithe seo chun an soláthar airgid atá ar fáil a dhíriú ar na cásanna is tuillteanaí — oibreacha substaintiúla riachtancha agus costasacha. I 1995 bhí thart ar 900 iarratais ar dheontais fheabhsúcháin tithe agus astu sin bhain níos lú ná 300 le hoibreacha i ndáil le fuinneoga agus dóirse amháin. Fágann sé sin go mbeidh go leor oibreacha feabhsúcháin substaintiúla á ndéanamh sa Ghaeltacht i gcónaí le cabhair deontais ó mo Roinnse.

Ní miste a lua gur chuir an Roinn Comhshaoil deireadh ar fad leis na deontais fheabhsúcháin tithíochta a bhí ar fáil lasmuigh den Ghaeltacht — agus sa Ghaeltacht féin d'iarratasóirí nach raibh cáilithe faoi Scéim mo Roinne-se — sa bhliain 1987 ag muintir Fhianna Fáil. Ciallaíonn sé seo go raibh agus go bhfuil buntáiste mór ag Gaeilgeoirí sa Ghaeltacht — fiú leis na leasuithe a rinneadh ó 1 Eanáir seo caite — thar an chuid eile den tír. Bhí an deontas speisialta d'fhuinneoga agus dóirse amháin le fáil le breis is aon bhliain déag agus caithfidh go bhfuil a lán den obair is riachtanaí déanta faoin am seo.

Mar chríoch, ba mhaith liom a rá gur mion-leasuithe iad na leasuithe atá deanta ar an scéim feabhsúcháin tithíochta agus táim sásta nach gcuirfidh siad isteach ró-mhór ar mhuintir na Gaeltachta. Is féidir liom an méid seo a rá futhu — níl tada iontu i gcomparáid leis an ngearradh siar tubaisteach ar na meastacháin tithíochta do 1995 a bhí beartaithe ag comhleacaithe an Teachta Ó Cuív nuair a bhíodar ag gníomhú mar Rialtas i mí na Samhna 1994. Dá n-éireodh leo an gearradh siar uafásach sin a dhéanamh, ní bheadh deontais fheabhsúcháin tithíochta ar bith ar fáil ó mo Roinnse ag muintir na Gaeltachta inniu.

Barr
Roinn