Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 14 Feb 1996

Vol. 461 No. 5

Written Answers. - Toghchán Údarás na Gaeltachta.

Mary Coughlan

Ceist:

29 D'fhiafraigh Miss Coughlan den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil i gceist aige, limistéirí na Gaeltachta a athrú chun críche toghcháin Údarás na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [2473/96]

Tá athbhreithniú ar theorainneacha na Gaeltachta faoi chaibidil agam le tamall agus tá réamhscrúdú déanta ag mo Roinn faoin ábhar. Tá comhráite ar siúl ag mo Roinnse faoi láthair d'fhonn teacht ar an mbealach is fearr chun athbhreithniú cuimsitheach a chur i gcrích.

Ag an bpointe seo ní féidir liom a rá an mbeidh aon athrú ar limistéir na Gaeltachta don chéad toghchán eile d'Údarás na Gaeltachta.

Barr
Roinn