Mary Coughlan
Ceist:53 D'fhiafraigh Miss Coughlan den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an gcuirfidh sé síneadh ama le tréimhse na mball ainmnithe ar Bhord Údarás na Gaeltachta lena dtréimhse ceapacháin a thabhairt i líne uair amháin eile le tréimhse ballraíochta na mball tofa; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [2474/96]