Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 29 Feb 1996

Vol. 462 No. 4

Written Answers. - Saoráidí Calaíochta.

Dinny McGinley

Ceist:

65 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cad iad na hiarratais ar dheontais le haghaidh ceidheanna beaga i nDún na nGall atá á meas ag a Roinn faoi láthair; agus cén uair a bheidh cinneadh á dhéanamh. [4726/96]

Tá iarratais ar chúnamh i leith na saoráidí calaíochta seo a leanas i nGaeltacht Dhún na nGall á meas ag mo Roinnse faoi láthair: Machaire Gathláin, Gaoth Dobhair; Lag na Druim, Gleann Cholmcille; Port, Ailt an Chorráin; Leab Garbh agus Rannach. Oileán Árainn Mhór; Málainn Mhóir: Machaire Rabhartaigh; agus Port Uí Churráin, Mín Lárach.

Déanfar cinneadh faoi na hiarratais sin chomh luath agus is féidir.

Barr
Roinn