Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 14 Mar 1996

Vol. 463 No. 2

Written Answers. - Scéim Labhairt na Gaeilge.

Peadar Clohessy

Ceist:

19 D'fhiafraigh Mr. Clohessy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an gcuirfidh sé in iúl cén fáth nach bhfuil sé sásta scéim labhairt na Gaeilge a chur ar fáil do theaghlaigh lánGhaelacha ar fud na tíre ar comhchéim le teaghlaigh Ghaeltachta. [3240/96]

Is mar spreagadh do mhuintir na Gaeltachta chun úsáid na Gaeilge mar ghnáth theanga pobail a chaomhnú agus a láidriú sa Ghaeltacht atá scéim labhairt na Gaeilge dírithe cosúil le cuid mhaith scéimeanna eile atá á reachtáil ag mo Roinnse.

Ní ghlacaim, áfach, go bhfuil teaghlaigh lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht fágtha gan tacaíocht ón Stáit ó thaobh na Gaeilge de. Mar shampla, tá cabhair ar fáil trí scéimeanna agus tionscnaimh éagsúla chun teacht i gcabhair ar phobal na Gaeilge i gcoitinne chun feabhas a chur ar a gcumas Gaeilge agus chun an dátheangachas a leathnú ionas go mbeidh níos mó deiseanna úsáide don Ghaeilge ann. Cuirtear an chabhair seo ar fáil trí mo Roinn féin, trí Bhord na Gaeilge, trí seirbhísí chraolacháin RTÉ, trí na heagrais dheonacha Gaeilge, agus trí thionscnaimh ar nós Glór na nGael, Raidió na Life, ANOIS agus na tréimhseacháin Ghaeilge, Amharchlann de hÍde, Bord na Leabhar Gaeilge agus ar bhealaí eile nach iad.

Tá an-mholadh ag dul do na tuismitheoirí agus a bpáistí a dheimhníonn ionad don Ghaeilge ina saol sa teaghlach agus lasmuigh de agus a bhíonn ag iarraidh an t-ionad sin a fhorbairt. Táim cinnte go mbeidh Teilifís na Gaeilge mar thaca éifeachtach nua do phobal na Gaeilge ina iomláine chun cur ar a gcumas an Ghaeilge a bhuanú agus a shealbhú níos daingne ina saol laistigh agus lasmuigh den teaghlach.

Barr
Roinn