Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 57, 58 agus 60 le chéile.
Go dtí go mbeidh struchtúr reachtúil ar leith bunaithe do Theilifís na Gaeilge tá RTE freagrach as na hoibreacha capitil don tseiribhís chomh mhaith le bheith freagrach as cúrsaí foirne an stáisiún, cláir a choimisiúnú agus reachtáil na seirbhíse nua. Tuigim ó RTE go bhfuil £10,717,000 caite acu i ndáil leis an tseirbhís nua go deireadh mí Feabhra. Baineann £7,353,000 den tsuim sin le caiteachas caipitil agus £3,364,000 le caiteachas reatha. Mar a luadh cheana, meastar go mbeidh an tseirbhís nua ar an aer faoin 31 Deireadh Fómhair 1996.
Rinne mé socruithe go mbeadh trí thuarascáil ar fáil dom i ndáil le Teilifís na Gaeilge. Bhunaigh mé an Coiste Bunaithe chun comhairle a thabhairt dom maidir le bunú, structúir, sceidil na gclár agus amanna craolacháin na seiribíse nua agus An Coiste Teicniúil chun comhairle chur orm maidir le bunstruchtúir theicniúil na seirbhíse. Leag mé tuarascálacha an dá choiste sin faoi bhráid Tithe an Oireachtais ar an 20 Iúil 1994. Luíonn saineolas, maidir le pleanáil agus tógáil gréasáin theilifíse in Éirinn le RTE go príomha, agus bhí An Coiste Teicniúil ag brath go mór ar RTE i ndáil le meastacháin chostais agus comhairle faoin gcorás tarchuradóireachta ab oiriunaí don tseirbhís nua. Ag cur san áireamh ollmhéid na gcostas a bhí i gceist d'iarr mé ar National Transcommunications Ltd. (NTL) scrúdú neamhspléach a dhéanamh ar mholtaí An Choiste Theicniúil.