Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 26 Mar 1996

Vol. 463 No. 3

Written Answers. - State Cars.

Dermot Ahern

Ceist:

164 Mr. D. Ahern asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht in respect of his Department and each semi-State body and Government-constituted board under the aegis of his Department but with the exception of members of the Government, the persons who are provided with cars at State expense; the offices held by such persons; the number of people employed to drive such cars; the type of use permitted for such cars; and the total cost in each case. [6477/96]

Níl a leithéid i gceist i gcás mo Roinne-se féin ná na n-institiúid chultúrtha a thagann faoina scáth.

Maidir leis na comhlachtaí Stát-tionscanta faoi scáth mo Roinne-se, tuigfidh an Teachta gur incheadaithe faoi threoirlínte atá leagtha síos ar bhonn lárnach gluaisteáin a chur ar fáil do Phríomhfheidhmeannaigh na n-eagraíochtaí sin. Tá gluaisteáin curtha ar fáil dá réir i gcásanna áirithe. Go ginearálta, feictear dom gur gnó do bhoird na n-eagraíochtaí sin a gcuid socruithe féin a dhéanamh maidir le ceannach gluaisteán, i gcomhréir le haon treoirlínte atá leagtha síos, agus ní léir dom gur chóir go mbeadh baint dhíreach agam féin leis an scéal. Ní miste a lua go mbíonn ar Údarás na Gaeltachta — i gcomhréir le socrú atá i bhfeidhm le blianta fada — cinnithe boird i ndáil le ceannach gluaisteán a chur faoi bhráid mo Roinne-se. Ní léir dom, áfach, go mbeadh sé inmholta sonraí a chur ar fáil i ndáil le heagraíocht amháin as an líon mór a thagann faoi mo chúram.
Barr
Roinn