Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go raibh 45 dhuine fostaithe go lán-aimseartha agus 15 dhuine go páirtaimseartha/séasúrach ag deireadh 1995 i ngnóthais sa cheantar a fuair cúnamh ón Údarás.
Níor mhiste a lua gur chas an tÚdarás le toscaireacht ó cheantar Bhaile na Finne ar 17 Bealtaine chun riachtanais fhorbartha an cheantáir a phlé.
Ar mhaithe le fostaíocht breise a chruthú leanfaidh an tÚdarás ag cuidiú le forbairt a dhéanamh ar na gnóthais sa cheantar atá ann cheana féin agus le tograí nua a chuartú ó lucht gnó ón gceantar agus ó lasmuigh de bunaithe ar láidreachtaí agus acmhainní áitiúla mar is féidir.