Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 5 Jun 1996

Vol. 466 No. 4

Written Answers. - Comharthaí Dátheangacha.

Éamon Ó Cuív

Ceist:

60 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Airgeadais an bhfuil socruithe déanta aige le cinntiú go mbeidh comharthaí dátheangacha, Gaeilge agus Béarla, ar fáil i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, sula dtosóidh Uachtarántacht na hÉireann den EU; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [11174/96]

Tá comharthaíocht dátheangach seachtrach á cur isteach ag Caisleán Bhaile Átha Cliath i láthair na huaire agus beidh sí ar fad críochnaithe i gceann cúpla seachtain.

Beidh an comharthaíocht inmheánach threorach do chruinnithe an Aontais Eorpaigh curtha ar fáil de réir riachtanais áirithe gach cruinniú agus sol áthrófar iad ar bhonn sealadachta agus solúbthactha dá bharr.

Beidh an chomharthaíocht seo dátheangach freisin, mar is cuí.

Barr
Roinn