Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 12 Jun 1996

Vol. 466 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Fostaíocht Sa Ghaeltacht

Máirín Quill

Ceist:

21 D'fhiafraigh Miss Quill den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé buartha faoi chailliúint 712 post i gcomhlachtaí déantasóireachta Gaeltachta i 1995; an gcuirfidh sé in iúl má tá aon anailís déanta chun an chúis a aimsiú; an gcuirfidh sé in iúl an meánchostas ar phost i gcomhlacht déantasóireachta Gaeltachta a dheontasú i 1995; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12252/96]

Thug an méadú is fearr fós i bhfás na fostaíochta sa Ghaeltacht i 1995 an fhostaíocht i ngóthais a fuair cúnamh ó Údarás na Gaeltachta go buaicphointe de 6,835 phost ag deireadh na bliana sin. Baineadh amach an glanmhéadú is airde riamh de 539 bpost sa bhliain sin mar thoradh ar 1,251 phost nua a chruthú. Is fíor gur cailleadh 712 phost scaipthe thar 293 ghnóthais ar leith agus is cúis mhór bhuartha é sin domsa, mar Aire a bhfuil freagracht air i leith na Gaeltachta, agus don Údarás féin.

Cailleadh na poist sin mar gheall ar an iliomad cúiseanna éagsúla agus i raon leathan de thionscail éagsúla. Tá anailís á déanamh le tamall anuas ar an gceist sin ag an Údarás d'fhonn tuiscint a fháil ar na cúiseanna go n-éiríonn lena n-iar- rachtaí i gcásanna agus nach n-éiríonn chomh maith sin leo i gcásanna eile.

Cé nach maith liomsa ná leis an Údarás go gcaillfí aon phost in aon chor tá an tÚdarás ag díriú go sonrach le blianta anuas ar fhadhb na gcaillteanas sin a laghdú. Aithnítear ar fud an domhain go gcailltear poist i ngnóthais de réir, mar shampla, mar a thagann meath ar thionscail agus ar earnálacha tionscail agus go laghdaítear méid na bpost le feabhsú teicneolaíochta. Is í an aidhm, mar sin, ná poist le buanadas a chruthú oiread agus is féidir sa chéad dul síos na gnóthais atá ann a shíorspreagadh le bheith ag obair chun iad féin a chur in oiriúint don saol gnó, laigí a leigheas agus deiseanna nua a thapú. Gné tháb- hachtach de ghníomhaíochtaí an Úda- ráis d'fhonn caillteanais post a laghdú is ea tacaíocht iarchúraim a sholáthar do chomhlachtaí agus cabhrú leo in uasgh- rádú, scileanna agus i bhforbairt margaí nua, táirgí nua agus gaolmhaireachtaí stráitéiseacha.

Ar an taobh dearfa de, tá toradh fónta ag teacht ar na hiarrachtaí le blianta beaga anuas (cé, ar ndóigh, go bhfuil baint ag an bhfeabhas ginearálta san eacnamaíocht leis an gcás freisin) chun líon na gcaillteanas post a laghdú. Ba fheabhas mór iad na figiúirí caillteanas post le cúpla bliain anuas ar chaillteanais blianta roimhe sin.

Ba é meánchostas deontas an phoist i 1995 ná £9,691 i gcás an Údaráis.

Cailleadh seacht gcéad agus dosaen post sa Ghaeltacht in aon bhliain amháin. Ní beag an ní é sin agus an nglacfadh an tAire leis gurb é an t-easpa infrastruchtúir nua-aimseartha an chúis is mó atá le cailleadh na bpost sin agus má ghlacann, an bhféadfadh sé a insint dúinn cén plean atá aige, má tá ceann aige, chun na deacrachtaí sin a shárú?

Cailltear a lán post bliain i ndiaidh bliana agus tá na figiúirí agam maidir le huimhir na bpost a cailleadh. I 1980, cailleadh 1,117 post: i 1981 cailleadh 969 post agus i 1994 cailleadh 630 post agus i mbliana cailleadh an uimhir a luaigh an Teachta. Tá uimhir na gcaillteanas ag dul i laghad i gcónaí agus i bpreasráiteas a thug Údarás na Gaeltachta i dtaobh suim sa Ghaeltacht dúradh i gcaibideal amháin: "Tá an Ghaeltacht ag bailiú tairbhe chuici as na feabhsúcháin eacnamaíochta náisiúnta le dhá bhliain anuas. Is léir é seo ó fhairsingiú i gcuideachtaí ar an bhfód." Agus sin é tuairim an Údaráis. Táim sásta go mbeidh dul chun cinn i bhfostaíocht i mbliana.

Ní dóigh liom go bhfuil an tAire ag éisteacht liom. An cheist a chuir mé ná an bhfuil sé sásta go bhfuil infrastruchtúr nua-aimseartha ar fáil sa Ghaeltacht, agus muna bhfuil, an bhfuil aon phlean aige chun infrastruchtúr nua-aimseartha a chur ar fáil ann? Mar shampla, níl aon bhóthar náisiúnta sa Ghaeltacht; deirtear liom nach bhfuil teacht ar Eircell sa Ghaeltacht. Cad mar gheall ar an dá ní sin? An bhfuil aon phlean ag an Aire chun an dá rud sin a shárú?

Má thógann an Teachta turas go dtí Gaeltacht na Gaillimhe, chífidh sí go bhfuil a lán teicneolaíocht nua-aimseartha ann. Tá infrastruchtúr ann le dul chun cinn a dhéanamh agus táim an-sásta leis sin. Táim sásta le hobair Údarás na Gaeltachta.

That concludes questions for today.

Tuigim an scéal ach ar mo shon féin agus ar son Éamon Uí Chuív, caithfidh mé gearán faoi seo mar tá ceist tosaíochta agamsa agus aigesean agus fós níl aon seans againn ár gceisteanna a chur ar an Aire nó freagra a fháil uaidh.

The Deputy has made his point and is aware that we have 20 minutes for dealing with priority questions.

Tá an dealramh ar an scéal nuair a bhíonn ceisteanna chuig an Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltacht ar an gCéadaoin——

Deputy Ó Cuív rose.

I cannot debate that with the Deputies now.

Barr
Roinn