Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 12 Jun 1996

Vol. 466 No. 7

Adjournment Debate. - Scoil ar an gCeathrú Rua (Gaillimh).

Cuireann sé fíor dhíomá orm nach bhfuil an tAire ná duine de na hAirí Stáit sa Roinn Oideachais anseo leis an cheist seo a fhreagairt. Is masla é ní domsa ach don phobal atá ag déanamh an iarratais seo, nárbh fhiú leis an Aire teacht isteach, ní don chéad uair, leis an cheist seo a fhreagairt.

Tógadh Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua sa bhliain 1966 — i mbliana tá sé 30 bliain d'aois. Scoil chuimsitheach í agus ceann de na fadhbanna atá éirithe ná nach bhfuil aon tuismitheoir ar an mbord agus b'fhéidir da mbeadh, go mbeadh caoi curtha ar an scoil fadó. Tá idir thuismitheoirí agus múinteoirí tar éis teacht ag na Teachtaí Dála sa cheantar agus agamsa go minic faoi cheist na scoile a bhfuil fíor-dhrochbhail uirthi.

Ar ndóigh, is scoil Ghaeltachta í agus nuair a tógadh í sa bhliain 1966, ní hé an oiread sin de mhuintir na háite a bhí ag freastal ar an meánscoil. Idir an dá linn, tháinig méadú as cuimse ar líon na scoláirí atá ag freastal ar an scoil. Ar an eolas atá agam anois, tá suas agus anuas le 400 scoláire ag freastal go lánaimseartha ar Scoil Chiaráin ar an gCeathrú Rua. Sin os cionn dhá oiread an uimhir a bhí ag freastal ar an scoil chéanna i 1966 agus níl aon chosúlacht ar an scéal ach oiread go dtiocfaidh laghdú ar líon na scoláirí a bheidh ag freastal ar an scoil seo, amach anseo.

Tá drochbhail ar an scoil ó thaobh struchtúir de agus níl dóthain áiseanna ann ach oiread. Ó tógadh an scoil is beag obair a déanadh uirthi iriamh: rinneadh roinnt bheag oibre tamall beag ó shin ach is beag san. I láthair na huaire tá fadhbanna móra ann maidir le díon na scoile, leis na leithris, fadbh taiseachta, agus nil aon rud déanta fós mar gheall orthu.

Tá easpa áiseanna ar an scoil, freisin. Tá seomra an-bheag ag an múinteoirí; níl aon leabharlann ann anois mar an áit a bhíodh mar leabharlann tá sé anois ina seomra ranga. Is beag áiseanna saotharlainne atá ar fáil agus is bocht freisin iad na háiseannna spóirt atá ar fáil sa scoil. Níl dóthain spáis ranga ann ach oiread: an cás is tromchúisí uilig, b'fhéidir.

Mar fhreagra ar cheist Dála scríobh mé ag an Aire i mí Bealtaine 1995 agus fuair mé admháil ar an litir ach freagra ní bhfuair mé. Chuir mé ceist Dála faoin scoil, tá cúpla mí ó shin ar an 6 Márta. Sa bhfreagra a fuair mé dúirt an tAire go raibh fiosrúchán agus suirbhé déanta ar an scoil ach diabhal cinnidh nó scéala a fuair na tuismitheoirí ó shin faoi céard atá sé i gceist a dhéanamh leis an scoil.

Bheadh mé ag súil agus beidh mé ag súil anocht go bhfaighidh mé dea-scéala, go bhfuil sé i gceist an Roinn gníomhú maidir le cúrsaí tógála na scoile, cur leis na háiseanna agus déanamh cinnte go bhfuil an chóiríocht chéanna ar fáil sa scoil seo agus atá ar fáil i mbunáite scoileanna na tíre. Níl aon chúis go mba cheart go mbeadh ar an dream is faide siar bheith ar an ndream is measa as ó thaobh áiseanna scoile.

Tá muintir na háite ag iarraidh le fada go ndéanfaí rud éigin leis an scoil. Beidh mé ag súil, ainneoin easnamh an Aire féin anocht, go mbeidh dea-scéala ag an Aire Stáit dom anocht.

Tá brón orm nach féidir leis an Aire Oideachais, ná a hAire Stait, bheith i lathair chun an cheist seo a phlé.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Teachta as ucht an ábhar seo a ardú. Tugann sé deis dom a chur i bhfios don Teach conas mar atá cúrsaí maidir le Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Contae na Gaillimhe.

I dtús báire, ba mhaith liom gearrchuntas a thabhairt ar chúlra an cháis seo. Osclaíodh Scoil Chuimsitheach an Cheathrú Rua sa bhliain 1966. Tá rollacháin ceithre céad daichead's a ceathair (444) dalta ag an scoil fé láthair. Mar chóiríocht tá príomhfhoirgneamh trí urlár ag an scoil, comh maith le clochar trasna an bhóthair uaidh.

I 1994, chaith an Roinn Oideachais timpeall seachtó míle punt (£70,000) ar fheabhsúcháin don córas teasa, don soilsiú éigeandála agus don córas aláraim dóiteáin. Níos luaithe i 1995, caitheadh timpeall £34,000 breise ar an gcóras teasa.

I láthair na h-uaire, tá dhá iarratas ón Scoil Chuimsitheach fé bhráid na Roinne, ceann acu ar scoil a dhéanamh de'n chlochar agus ar oibreacha deisiúcháin don scoil féin.

Cheana féin, tá oifigigh ón Roinn tar éis cuairt a thabhairt ar an scoil chun an réiteach is sásúla ar a riachtanais chóiríochta a aimsiú.

Is léir gur gá athscagadh níos iomláine a dhéanamh ar an gcás chun tosca inmharthana, cúrsaí costais agus dálaí ailtreachta eile a chur san áireamh agus chun plean indéantachta a dhréachtadh.

Nuair a bheidh deireadh leis an bpróiséas pleanála, braithfidh cúrsaí tógála ar achmhainní caipitil a bheith ar fáil.

Barr
Roinn