Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 12 Jun 1996

Vol. 466 No. 7

Written Answers. - Coláistí Gaeilge.

Éamon Ó Cuív

Ceist:

46 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil aon toradh ar an staidéar a bhí á dhéanamh ar na coláistí Gaeilge; má tá, an bhfuil sé i gceist aige an tuarascáil ar na coláistí a fhoilsiú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [10543/96]

Éamon Ó Cuív

Ceist:

84 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist na cúraimí atá ar a Roinn i láthair na huaire faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge a aistriú go dtí an Roinn Oideachais; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [10544/96]

Tógfaidh mé na Ceisteanna Uimh. 46 agus Uimh. 84 le chéile.

Tá an t-athbhreithniú ar na coinníollacha ginearálta a bhaineann leis na Col áistí Gaeilge Samhraidh, a bhí á dhéanamh ag an ngrúpa oibre a bunaíodh anuraidh, críochnaithe le tamall anois agus tá tuarascáil chuimitheach le moltaí an ghrúpa á scrúdú ag mo Roinn féin agus ag an Roinn Oideachais faoi láthair. Nuair a bheidh an tuarascáil measta ag an dá Roinn déanfar socruithe chun í a fhoilsiú.
Níl sé i gceist na cúraimí atá ar mo Roinn féin i ndáil le Scéim na bh Foghlaimeoirí Gaeilge a aistriú go dtí an Roinn Oideachais.
Barr
Roinn