Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 12 Jun 1996

Vol. 466 No. 7

Written Answers. - Gaelscoileanna.

Robert Molloy

Ceist:

81 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an raibh aon díospóireacht aige leis an Roinn Oideachais maidir le todhchaí gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta faoi na hÚdaráis Oideachais áit iúla atá molta; an gcuirfidh sé a thuair imí in iúl faoin tairiscint; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [9060/96]

Bhí dlúthdhíospóireachtaí idir mo Roinnse agus an Roinn Oideachais maidir leis an mBille Oideachais, 1996, faoin a mbunófar deich mBord Oideachais chun struchtúr idirmheánach riaracháin a chur ar fáil sa chóras oideachais. Ní bhunófar Bord Oideachais ar leith do scoileanna Gaeltachta agus gaelscoileanna ach beidh ar gach Bord Oideachais coiste ar leith a bhunú chun comhairle a chur ar an mBord maidir le cur chun cinn agus múineadh na Gaeilge agus maidir le comhordú a dhéanamh i dtaca le múineadh trí Ghaeilge a chur ar fáil.

Táimse sásta leis an gcur chuige atá i gceist. Ar ndóigh, tacaím leis an ngá chun Forás Áiseanna Teagaisc a bhunú mar ghníomhaireacht lárnach le haghaidh monatóireachta agus seirbhíse.

Barr
Roinn