Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 12 Jun 1996

Vol. 466 No. 7

Written Answers. - Inis Meáin.

Éamon Ó Cuív

Ceist:

83 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén uair a dhéanfar cinneadh ar an iarratas le breis forbartha a dhéanamh ag Céibh an Chalaidh Mhóir in Inis Meáin, Contae na Gaillimhe; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [11893/96]

Fuarthas iarratas ar chúnamh chun mór oibreacha breise feabhsúcháin a chur i gcích ag Cé an Chalaidh Mhóir, Inis Meáin, níos luaithe i mbliana agus tá tuairimí Roinn na Mara iarrtha faoi na hoibreacha i gceist. Déanfar an t-iarratas a mheas tuilleadh nuair a gheofar tuarascáil ó Roinn na Mara.

Barr
Roinn