Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 18 Jun 1996

Vol. 467 No. 1

Written Answers. - Bord Bainistíochta Scoileanna Cuimsitheacha.

Éamon Ó Cuív

Ceist:

16 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais an bhfuil sé i gceist aici go mbeidh cead ag tuismitheoirí na ndaltaí atá ag freastal ar scoileanna cuimsitheacha sa Ghaeltacht duine a cheapadh ó cheart le vóta ar Bhord Bainistíochta na scoileanna sin ar mhaithe le comhpháirtíocht iomlán a bheith acu i riaradh na scoileanna; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10542/96]

Sa Pháipéar Bán ar Oideachas, Cairt don Oideachas sna Blianta Romhainn, leagtar béim ar ghealltanas an Rialtais go mbeadh tuismitheoirí rannpháirteach ag gach leibhéal de phróiseas an oideachais.

Faoi láthair tá próiseas leathan comhairlithe ar siúl agus tá na comhpháirtithe uile san oideachas istigh air. Tá an próiseas sin ar siúl chun gach iarracht a dhéanamh ar chomhaontú a fháil maidir le struchtúir bhainistíochta do Bhoird Bhainistíochta scoileanna náisiúnta.

Nuair a thiocfar ar chomhaontú ag leibhéal na bunscoile tá súil agam go mbeidh bonn againn chun plé a dhéanamh i measc na gcomhpháirtithe maidir le struchtúir bhainistíochta do scoileanna dara leibhéal, agus na scoileanna cuimsitheacha san áireamh.

Ba mhaith liom a dheimhniú don Teachta gur an-tábhachtach liom go mbeadh ionadaíocht iomlán chothrom ag tuismitheoirí ar Bhord Bainistíochta gach scoile, agus scoileanna cuimsitheacha sa Ghaeltacht san áireamh.

Tá an Bille Oideachtais 1996 á dhréachtadh faoi láthair. Beidh soláthar sa Bhille sin chun Bord Bainistíochta a bheidh ionadaíocht a bhunú i ngach scoil ag an gcéad leibhéal agus ag an dara leibhéal. Déanfar soláthar sa Bhille chun go mbeidh ionadaíocht ar bhonn reachtúil ag tuismitheoirí ar gach Bord Bainistíochta.
Go dtí go mbunófar Boird Bhainistíochta ar bhonn reachtúil, agus gan dochar d'aon socruithe a dhéanfar maidir le structúir bhainistíochta do scoileanna cuimsitheacha, ba mhaith liom go ndéanfaí socruithe neamhfhoirmiúla a cheadódh d'ionadaithe tuismitheoirí páirt a ghlacadh i gcruinnithe na mBord Bainistíochta sna scoileanna seo.
Barr
Roinn