Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 18 Jun 1996

Vol. 467 No. 1

Written Answers. - An Ghúim.

Éamon Ó Cuív

Ceist:

47 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais an bhfuil sé i gceist cúraimí an Ghúim a aistriú go dtí an Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta; má tá, cén uair atá i gceist an t-aistriú seo a dhéanamh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10008/96]

Tá sé leagtha amach sa Chlár do Rialtas Athnuachána go n-aistreofar cúraimí an Ghúim uaimse go dtí an tAire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta. Tá scrúdú déanta ag an Roinn Airgeadais ar an nGúm agus cinnfear ar na socraithe faoin aistriú a chur i bhfeidhm tar éis an tuarascáil sin a bheith pléite idir na trí Ranna Stáit atá i gceist. Déanfar é sin a luaithe is féidir agus ina theannta sin, pléifear na socruithe le foireann an Ghúim agus na ceardchumainn chuí. Ní féidir liom a rá ag an bpointe seo, mar sin, cathain is féidir an t-aistriú a chur i gcrích.

Barr
Roinn