Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Aire Stáit Carey as ucht teacht isteach. Cuireann sé íontas an tsaoil orm áfach nár fhan an tAire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta féin chun éisteacht leis an gcás seo go mor mhór ó tharla go dtuigim i gcás ina mbíonn airgead á thabhairt amach sa dáilcheantar i nGaillimh thiar gurb é an tAire agus nach é an tAire Stáit a fhógraíonn airgead mar sin. Mar sin caithfidh mé glacadh leis nach deascéal ar bith do mhuintir Rosmuc nár fhan an tAire — a bhí anseo deich nóiméad ó shin — leis an gcás seo a phlé liom.
Táim ar iarraidh cás a dhéanamh do mhuintir Rosmuc. Go minic nuair a bhím istigh sa bhaile mór cuireann sé íontas orm nuair a chloisim iad ag rá go mba cheart áiseanna spóirt a chur ar fáil ar chostas iomlán an Bhardais nó an Stáit. Ní mar sin do cheantair tuaithe, áiteanna in a mbíonn daoine sásta cur ar a son féin. Tá fhios ag an Aire Stáit ó tharla gur Aire Stáit na Gealtachta é na fadhbanna móra a bhaineann le ceantar Rosmuc. Tuigeann sé go bhfuil titim leanúnach tubaisteach ar an daonra sa cheantar sin agus go bhfuil an ceantar in ísle brí. Ainneoin sin agus uile rinne muintir an cheantair an-ghaisce le cupla bliain anuas agus tá £84,000 bailithe acu le páirc peile a thógáil sa cheantar sin. Mar a chonaic muid in ár gceantar féin, go minic nuair a thosaíonn pobal ag cur ar a son féin ó thaobh cúrsaí spóirt agus caithimh aimsire de is é a tharlaíonn in a dhiaidh sin ná go gcuirtear chun leas eacnamaíochta an cheantair.
Is mór an méid é £84,000 i bpobal beag agus is íontach an obair a rinne siad leis an méid sin airgid a chruinniú. Tá costas iomlán £190,000 ar an togra seo agus mar sin tá beagáinín os cionn £100,000 á iarraidh nó punt ar phunt ag an bpobal seo le dul ar aghaidh leis an togra.
Ainneoin chomh beag is atá an pobal tá ocht bhfuireann peile sa cheantar. Tá siad ag freastal ar gach aois ghrúpa. Bítear ag caint go minic ar an tábhacht atá i gcaithimh aimsire a chur ar fáil do dhaoine óga len iad a choinneáil ón ólachán agus ó dhrugaí.
Caithfear moladh as cuimse a thabhairt don dream atá i mbun na bhfóirne peile seo as an dúthracht agus an dílseacht a thaispeánann siad don aos óg. Tá éirithe go maith le Cumann na bPiarsach le bliain anuas. Chuaigh siad chomh fada le cluiche ceannais anuraidh.
Beidh an pháirc atá i gceist agam ag freastal ar cheantar Rosmuc agus ar cheantar Camuis i gConamara. Beidh sé mar chuidiú mór freisin do na coláistí Gaeilge ansin atá go mór thiar ó thaobh áiseanna. Tuigtear dom ó mhuintir na haite go bhfuil bliain imithe ó chuir siad an chéad iarratas isteach go dtí an Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta le deontas chun cuidiú leis an togra seo. Cuireadh meastachán criochniúil go dtí an Roinn i mí Márta seo caite. Cúis díomá dom nach bhfuil aon deontas ceadaithe fós go mór mhór os rud é go bhfuil an samhradh tagaithe agus seo an t-am den bhliain ar cheart an obair a bheith ar bun. Fiú má cheadaítear an deontas amárach tógfaidh sé cúpla seachtain sul a mbeifear in ann tosú leis an obair. Tá súil agam anois ainneoin imeacht an Aire ón Dáil chomh scioptha sin tráthnóna go mbeidh deascéal ag an Aire Stáit dom. Tá súil agam go mbeidh sé sásta deontas a cheadú láithreach don cheantar seo atá taréis an oiread sin iarrachta a dhéanamh cur ar a son féin ainneoin na ndeacrachtaí eacnamúla ar fad atá sa cheantar. Muna bhfaighidh mé an dea-scéala inniu beidh mé ag súil leis taobh istigh de sheachtain.