Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 25 Jul 1996

Vol. 468 No. 4

Written Answers. - Coiste Pháirc Imeartha Baile Chláir (Gaillimh).

Éamon Ó Cuív

Ceist:

276 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén uair a dhéanfar íocaíocht le Coiste Pháirc Imeartha Bhaile Chláir i gContae na Gaillimhe ar an deontas atá ceadaithe dóibh. [14984/96]

Cheadaigh mo Roinnse deontas de £10,000 anuraidh mar chabhair chun seomraí feistis agus seomra cruinnithe a thógáil ag Páirc Imeartha Bhaile Chláir agus tá £5,000 den deontas sin íoctha. Tá iarratas ar thráthcuid eile den deontas á mheas ag mo Roinnse faoi láthair agus déanfar cinneadh faoi sin go luath.

Barr
Roinn