Faoi mar a cuireadh in iúl don Teach mar fhreagra ar Cheisteanna Uimh. 166 agus 167 ar 18 Meitheamh 1996, níl soláthar i Vóta mo Roinne i mbliana le haghaidh caitheachais ar bhóithre Gaeltachta agus, ar ndóigh, is ceist go príomha don Roinn Comhshaoil agus do na comhairlí contae iomchuí í staid na mbóithre sin.
Nuair a bheidh cúrsaí níos soiléire ar ball maidir le caiteachas mo Roinne i 1996 ar scéimeanna feabhsúchán sa Ghaeltacht, breithneofar an scéal tuilleadh, i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, féachaint an dtig linn soláthar éigin a chur ar fáil i mbliana chun bóithre áise agus bóithre portaigh sa Ghaeltacht a fheabhsú.