Éamon Ó Cuív
Ceist:136 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais an bhfuil sí sásta seirbhís bus scoile a chur ar fáil do suas le ocht ngasúr déag ó Cheantar Chill Chiaráin le freastal ar Scoil na bPiarsach Ros Muc ó tharla gurb é seo rogha na dtuismitheoirí as an gCeantar; go bhféadfaí an tseirbhís a chur ar fáil ar bheagán costais; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [17353/96]