Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 2 Oct 1996

Vol. 469 No. 3

Written Answers. - Deontais Tithíochta.

Éamon Ó Cuív

Ceist:

72 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén uair a íocfar deontas tithíochta le duine (sonraí tugtha) i gContae na Gaillimhe. [17355/96]

Éamon Ó Cuív

Ceist:

73 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén uair a cheadófar iasacht faoi scéim na ndeontas tithíochta le duine (sonraí tugtha) i gContae na Gaillimhe. [17356/96]

Togfaidh mé Ceist Uimhír 72 agus Uimhír 73 le chéile.

Is é an duine céanna atá luaite san dá cheist. Tá iarratas uaidh ar dheontais agus iasacht chun teach nua a thógáil á mheas ag mo Roinnse go fóill.

Tá moill ar phroiseáil cuid de na h-iarratais tithíochta (an t-iarratas seo san áireamh) i gceantair áirithe Ghaeltachta toisc gur imigh Cigire Uachtarach Tithe ón Roinn tamall ó shin. Mar gheall air seo tá cainteanna ar siúl leis an bhfoireann tithíochta agus leis na gceardchumann le tamall anuas chun teacht ar réiteach faoi athstructurú ginearálta agus táthar dóchasach go mbeidh an cheist socraithe sar i bhfad.

Déanfar cinneadh sa chás a luaithe agus is féidir ansin.

Éamon Ó Cuív

Ceist:

74 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén uair a dhéanfar cigireacht, le h-aghaidh deontas tithíochta ar iarratas ó dhuine (sonraí tugtha) i gContae na Gaillimhe. [17357/96]

Ceadaíodh deontas tógála £4,000 sa chás seo ar 1 Iúil 1996. Fuarthas iarratas ar íocaíocht le déanaí.

Tá moill ar phroiseáil cuid de na h-iarratais tithíochta (an t-iarratas seo san áireamh) i gceantair áirithe Ghaeltachta toisc gur imigh Cigire Uachtarach Tithe ón Roinn tamall ó shoin. Mar gheall air seo tá cainteanna ar siúl leis an bhfoireann tithíochta le tamall anuas chun teacht ar réiteach faoi athstruchturú ginearálta. Táthar ag súil go mbeidh an cheist socraithe sar i bhfad.

Déanfar an t-iarratas ar íocaíocht an deontais sa chás seo a mheas a luaithe agus is féidir ansin.

Éamon Ó Cuív

Ceist:

75 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén uair a íocfar an fuílleach den deontas tithíochta atá ceadaithe do dhuine (sonraí tugtha) i gContae na Gaillimhe. [17358/96]

Ceadaíodh deontas feabhsúcháin (£2,300) sa chás seo ar 17 Aibreán 1996. Íocadh tráthchuid (£1,550) leis an iarratasóir ar 17 Bealtaine 1996. Teastaíonn uaidh go n-athrófaí roinnt den obair a bhí le déanamh agus tugadh an cead sin dó le déanaí.

Tá cúnamh iasachta faoi na hAchtanna iarrtha ag an deontaí chomh maith. Ní féidir an iasacht sin a cheadú, áfach, go dtí go mbíonn cruthúnas iomlán teidil don teach ar fáil agus tuigtear dom nach bhfuil an cruthúnas sin aige go fóill.

Íocfar fuílleach an deontais a luaithe a bheidh an iasacht sin ceadaithe, an obair go léir críochnaithe go sásúil agus coinníollacha na scéime comhlíonta.

Barr
Roinn