Mar fhreagra ar Cheisteanna Uimh. 1 agus 4 ar 14 Márta 1996, chuir mé in iúl don Teach go nglacfainn le gach deis oiriúnach chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn le linn cruinnithe, comhdhálacha agus ócáidí eile a bhainfidh le hUachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach.
Tá áthas orm go ndearna mé amhlaidh le linn do chruinniú a bheith ar siúl i nGaillimh le déanaí d' Airí an Aontais Eorpaigh a bhfuil freagracht orthu i ndáil le Cultúr agus Cúrsaí Closamhairc. Cuireadh áiseanna teangaireachta d'aistriúchán comhuaineach Gaeilge ar fáil i rith an chruinnithe sin — áiseanna a bhí ar chomhchéim leo sin a bhí á gcur ar fáil do theangacha eile ar nós na Fraincise, na Gearmáinise agus mar sin de. Ba í seo an chéad uair, go bhfios dom, gur cuireadh áiseanna d'aistriúchán comhuaineach Gaeilge ar fáil ag cruinniú Airí de chuid an Aontais Eorpaigh. Is ar éigin is gá dom a rá gur ghlac mé féin agus an tAire Stáit ag mo Roinnse, Donal Carey Uasal, T.D., go leor deiseanna chun an Ghaeilge a úsáid i rith an chruinnithe i nGaillimh. Bhí áit fheiceálach ag an nGaeilge freisin sna doiciméid, suaitheantais agus araile a bhí in úsáid ag an gcruinniú. Ní miste a rá gur oifigigh de chuid mo Roinne-se atá lonnaithe sna Forbacha, Gaillimh — áit a bhfúil an Ghaeilge mar ghnáth-theanga oibre — a rinne formhór na hoibre ullmhúcháin i ndáil na heagrú an chruinnithe.
Chomh maith leis sin, beidh cruinniú faoi phleanáil teanga i gcomhthéacs an Aontais Eorpaigh, atá á eagrú ag Bord na Gaeilge i gcomhairle le mo Roinnse, ar siúl sa Spidéal ag tús mhí na Samhna agus tuigim go mbeidh áiseanna d'aistriúchán comhuaineach Gaeilge in úsáid ansin freisin.
Is cúis áthais dom gur foilsíodh eagrán speisialta i bhfoirm iomlán dhátheangach de FÍS, nuachtlitir mo Roinne-se, le déanaí le fócas ar leith ar chúrsaí an Aontais Eorpaigh.
Maidir le stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach, chuir mé in iúl don Teach mar fhreagra ar Cheist Uimh. 107 ar 30 Aibreán 1996 agus mar fhreagra ar Cheisteanna Uimh. 22, 24, 80 agus 93 ar 12 Meitheamh 1996 gur faoi réir na tagairte do chóras na dteangacha san Aontas Eorpach i mír 3.209 den Pháipéar Bán um Bheartas Eachtrach a ghlacfar le deis oiriúnach chun stádas na Gaeilge a chur chun cinn san Aontas Eorpach.