Ó athcheapadh mar Aire mé i mí na Nollag 1994, níl úsáid bainte agam féin ná ag an Aire Stáit ag mo Roinnse as aon chomhlacht nó comhairleoir príobháideach i ndáil le cúrsaí cumarsáide nó bolscaireachta. Tá ceathrar státseirbhíseach ag feidhmiú in Oifig Eolais mo Roinne-se (príomhoifigeach cúnta, ardoifigeach feidhmiúcháin, oifigeach feidhmiúcháin agus cuntóir cléireachais) a bhíonn ag plé, inter alia, le soláthar eolais don mhórphobal agus do na meáin chumarsáide faoin raon leathan oibre atá idir lámha i ndáil le réimsí an Chultúir agus na nEalaíon, na Gaeilge agus na Gaeltachta, an Chraolacháin agus na Scannánaíochta, agus na hOidhreachta.