Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 30 Oct 1996

Vol. 470 No. 7

Written Answers. - Ghaelscoil de hÍde, Óran Mór.

Éamon Ó Cuív

Ceist:

176 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais an bhfuil i gceist aici aitheantas a thabhairt do Ghaelscoil de hÍde, san Órán Mór, i gContae na Gaillimhe, le haghaidh cúrsaí iompair scoile; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [19890/96]

Ní deintear ceist sheirbhís iompar scoile a chur ar fáil a bhreithniú go dtí go mbíonn aitheantas buan bronnta ar scoil.

Cuireadh moladh chuig mo Roinn le déanaí maidir le h-aitheantas buan a thabhairt do Ghaelscoil de hÍde, Óran Mór, Contae na Gaillimhe. Tá an moladh seo á bhreithniú faoi láthair.

Chomh luath is atá breith tugtha ag mo Roinn sa chás, cuirfear scéala dá réir chuig Bord Bainistíochta na Scoile.

Barr
Roinn