Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 31 Oct 1996

Vol. 470 No. 8

Written Answers. - Scéim Deontas Áiteanna Iargúlta.

Éamon Ó Cuív

Ceist:

112 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais cén fáth nach bhfuil deontas ceantair iargúlta á íoc le scoláirí as Inis Oírr, atá ag freastal ar Choláiste na Coiribe i nGaillimh do chúrsa na hArdteiste; cén fáth go mbíonn ar an gcoiste gairmoideachais íoc as na scoláirí seo as Cistí Reatha; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [20195/96]

Is é aidhm na Scéime Deontas Áiteanna Iargúlta ná cúnamh a sholáthar i leith costais cothabhála a bhíonn ag daltaí atá ina gcónaí lasmuigh de raonna seirbhísí iompair go scoil dara-leibhéal a chuireann iarbhunoideachas oiriúnach ar fáil faoi théarmaí na Scéime Saoroideachais.

Ós rud é go soláthraíonn an t-aon scoil dara-leibhéal ar Inis Oirr oideachas don Teastas Sóisearach amháin, tá daltaí sa tsraith shinsearach cáilithe do chúnamh faoin scéim chun freastal ar Choláiste na Coiribe, nó ar scoil dara-leibhéal saoroideachais ar bith ar an mhórthír, lena gcuid oideachais a chríochnú.

Maidir le scoileanna gairmoideachais agus coláistí pobail, is é feidhm an choiste gairmoideachais lena mbaineann an cheist próiseáil a dhéanamh ar iarratais ar chúnamh i leith daltaí ar mian leo freastal ar scoileanna den chineál sin i gcás ina bhfuil maoiniú bronnadh deontas le riaradh ó dháileadh buiséid Neamhphá an Choiste. Nuair is eol líon na n-iarrthóirí cáilithe i mbliain ar bith, is féidir le gach coiste iarratas ar mhaoiniú breise a chur chun mo Roinne, más gá sin.

Barr
Roinn