Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 5 Nov 1996

Vol. 471 No. 1

Written Answers. - Íocaíocht Deontais.

Éamon Ó Cuív

Ceist:

144 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén uair a íocfar deontas le duine (sonraí tugtha) i gContae na Gaillimhe. [20430/96]

Ceadaíodh deontas £900 sa chás ar 7 Feabhra 1996. Fuarthas iarratas ar íocaíocht tamall ó shin.

Faoi mar is eol don Teachta, tá moill ar phróiseáil cuid de na hiarratais tithíochta (an t-iarratas seo san áireamh) i gceantair áirithe Ghaeltachta toisc gur imigh Cigire Uachtarach Tithe ón Roinn tamall ó shin. Mar gheall air seo tá cainteanna ar siúl leis an bhfoireann tithíochta agus lena gceardchumann le tamall anuas chun teacht ar réiteach faoi athstructúrú ginearálta. Bhí dóchas agam go mbeadh an cheist socraithe i bhfad roimhe seo mar goilleann sé go mór orm go bhfuil aon mhoill ar íocaíocht deontais tithíochta. Tá súil agam, áfach, go dtiocfaidh an idirbheartaíocht chun críche sasúil go luath agus déanfar an t-iarratas ar íocaíocht an deontais sa chás a luann an Teachta a mheas a luaithe agus is féidir ansin.

Barr
Roinn