Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 27 Nov 1996

Vol. 472 No. 2

Private Notice Question. - Vótáil Sa Reifreann ar na hÓileáin.

D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Chomhshaoil an gcinnteodh sé go n-osclófar na bothanna vótála ar an Déardaoin an 28 Samhain 1996 le deis a thabhairt do na hoileánaigh vótáil ar an lá a fograíodh de bharr an eolais mhí-chruinn a tugadh dóibh i bhfógra poliblí agus ar na cártaí vótála.

Ba mhaith liom a mhíniú go bhfuil mé ag feichmiú mar Aire Chomhshaoil inniu agus amárach.

I bhfianaise tuairiscí atá faighte agam faoi dheachrachtaí agus mí-thuiscint i ndáil le vótaíocht sa Reifreann ar na hoileáin i gContae na Gaillimhe Dé Luain seo caite tá ordú déanta agam inniu faoin Acht Toghcháin, 1992 agus i bhfeidhmiú dom faoin Ordú um an Aire Chomhshaoil (Gníomhaireacht) 1996, chun go leanfar leis an vótaíocht ar na hoileáin sin amárach ar an 28 lá Samhain ón a naoi a chlog ar maidin go dti a naoi a chlog tráthnóna tá socraithe á dhéanamh anois ag an gceann comhairimh chun fógraí poiblí a thabhairt faoi seo.

Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an Aire as ucht chomh scipotha is a d'oibrigh an Roinn Chomhshaoil ar an gceist seo ó mhaidin nuair a d'árdaigh mé an cheist sa Dáil. Is maith an scéal é go mbeidh vótáil ar siúl amárach. An bhféadfadh an tAire a rá liomsa go mbeidh na cearta céanna ag na hoileánaigh as seo amach agus go mbeidh an lá vótála ar na hoileáin ar an lá céanna is a bhíonn sé ar an gcuid eile den tír mar bíonn an díospóireacht fós ar bun. An nglacann an tAire legis gur goghlaíocht ón naoú aois déag é a cheapadh go gcaithfear vótáil a chur ar bun in áiteanna mar Inis Meáin, Inis Oírr agus Inis Mór, áiteanna in a bhfuil ní hamhain báid ach eitleáin ag dul chucu chuile lá, vótáil roimh daoine eile? An féidir leis a dheimhniú go mbeidh lá na vótála ar na hoileáin as seo amach ar an lá céanna is a bhíonn sé sa chuid eile den tir?

Tá me ag feidhmiú go dti meánoíche amárach agus beidh cúram an Roinn Chomhshaoil ag filleadh ar mo chomhleacaí, Brendan Howlin ag an am sin.

Tógfaidh mé an méid atá ráite ag an Teachta san áireamh agus cuirfidh mé an scéal os comhair mo chomhleacaí. Ba mhaith liom a rá áfach go nglacaim go bhfuil na ceartanna céanna ag na hoileánaigh agus go bhfuil deacrachtaí ar leith acu. Sin an fáth a shocraigh mé an t-órdú a dhéanamh a luaithe is a cuireadh na deacrachtaí a bhí ann in iúl dom. I ndeireadh na dála ba mhaith liom a rá go bhfuil na cúraimí i leith nithe mar seo ar an gceann chomhairimh ach toisc go raibh deacrachtaí tógtha suas ag an Teachta agus ag daoine eile tá áthas orm go raibh mé in ann an t-ordú a dhéanamh agus go mbeidh seans acu vótaí a chaitheamh ón a naoí a chlog ar maidin go dtí a naoí a chlog tráthnóna.

Cad iad na deacrachtaí atá ann vóta a chur ar siúl sna hoileáin ar an lá céanna agus a bhíonn sé ag chuile dhuine eile sa tír? An bhfuil an ceart céanna ag na hoileánaigh a bheith in ann a bheith istigh ar an díospóireacht iomlán go dtí lá na vótála agus atá ag saoránaigh eile? Tá fhios ag an Aire nach bhfuil aon chiall nó réasún le vótáil níos luaithe anois. Ba mhaith liom go ndéanfadh sé soiléir domsa agus do mhuintir na n-oileán cén fhadhb a bhaineann le bosca vótála a thabhairt amach as Inis Mór, mar shampla, taréis lá vótála, nó ar maidin an lae dar gcionn, len iad a chomhaireamh.

Galcaim leis go bhfuil athraithe móra taréis teacht i gcríoch ón am a bhí deacrachtaí ann ó thaobh aimsire de agus go bhfuilimid i ré nua anois. Tá ciall ag baint le scrúdú a dhéanamh ar na socraithe cuí san am atá le teacht.

An bhfeadfainn a iarraidh ar an Aire, ó thárla go dtuigeann sé an fhadhb agus go bhfuil cuid de na hoileáin seo ina dháilcheantar, feidhmiú go scioptha as seo go dtí amárach agus cinneadh scioptha a dhéanamh go mbeidh sé ar an lá céanna ar na hoileáin feasta agus a bhíonn sé ar an morthír.

Baineann an cúram atá orm anois leis an Reifreann amárach agus ceapaim go bhfuil socraithe cuí curtha in áit agam ag an bpointe seo. Ní bheidh aon bhac ormsa an méid atá ráite ag an Teachta agus mo thuairimí féin a nochtadh do mo chomhleacaí nuair a thiocfaidh sé i gceannas ar an Roinn Chomhshaoil arís.

An rud atá tábhachtach ná go rabhamar in ann na socraithe a chur in áit. Níor mhaith liomsa go mbeadh an deacracht ag na hoileánaigh agus tá súil agam go mbeidh siad in ann a gcuid vótaí a chaitheamh amárach. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis na daoine a thóg an cheist suas, an Teachta san áireamh.

Written Answers follow Adjournment Debate.

Barr
Roinn