Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 3 Dec 1996

Vol. 472 No. 3

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - An Coiste Monatóireachta.

Éamon Ó Cuív

Ceist:

3 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Taoiseach cén uair deiridh a raibh cruinniú den Choiste Monatóireachta ar sheirbhísí farantóireachta go hOileáin Árann ann, agus an bhfuil i gceist cruinniú den Choiste a eagrú go luath. [21502/96]

Bhuail an Coiste Monatóireachta le chéile ar 25 Meán Fómhair 1995.

Déanann an Coiste seo na seirbhísí farantóireachta (idir paisinéirí agust lasta) ó chathair na Gaillimhe agus Rós A Mhíl go hÁrann a phlé.

Tá ionadaithe ar an gcoiste ó gach oileán de na hóileáin Árann, ó na comhlachtaí farantóireachta agus ó na Ranna Rialtais ábhartha. Is fóram fiúntach é chun na seirbhísí farantóireachta a phlé agus chun bealaí eagsúla a aimsiúd'fhonn an tseirbhís a fheabhsú. Is é príomhchuspóir an Choiste ná teagmháil agus cumarsáid idir muintir na n-oileán agus soláthróirí na seirbhísí a chur chun cinn.

De réir na moltaí sa Tuarascáil Idir-Ranna um Fhorbairt na nOileán, aistríodh cúraimí maidir le seirbhísí farantóireachta go mo Roinn féin ón Roinn Iompair, Fuinnimh agus Cumarsáide. Is í an Roinn sin a bhí i gceannas ar an gCoiste Monatóireachta go dtí sin.

Ó aistríodh na cúraimí, níor bhuail an Coiste le chéile ach tá socruithe anois go dtionólfar an chéad chruinniú eile an 6ú lá de mhí na Nollag.

An bhféadfadh an tAire míniú a thabhairt don Teach cén fáth nach raibh cruinniú den Choiste seo le níos mó ná bliain anuas? An é nach bhfuil suim sa Choiste agus an obair a tugtar dó? Cé hé ba dhualgas air cruinniú an Choiste a reachtadh?

Bhuail mé le hionadaí as an Choiste seo le chéile. Níor thugamar an Choiste le chéile ach bhí an tuarascáil á phlé againn. Nuair a bhí againn. Nuair a bhí na moltaí as an Choiste Oileánda againn, dhéanamar scrúdú orthu agus thugamar freagra do daoine na n-oileáin. Táim sásta leis an obair faoi seol ag an Choiste mar atá anois agus tá clár nua acu.

Cé ar a bhí an dualgas cruinnithe an Choiste a reachtáil?

Bhí an dualgas ar an Roinn Iompair (?). Nuair a chuir an Rialtas an cúram orm, tháinig an dualgas orm faoi láthair an Choiste a bhailiú.

An n-aontaíonn an tAire go rinne sé faille ar a dhualgaisí sa chás seo?

Beidh cruinniú don Choiste ar an tríú lá de mhí na Nollag. Táim sásta go mbeidh gach rud ceart.

Barr
Roinn