Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 4 Dec 1996

Vol. 472 No. 4

Written Answers. - Coláiste Gaeilge Samhraidh.

Robert Molloy

Ceist:

100 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an ndéarfaidh sé cén fáth a bhfuil moill ar chinneadh a dhéanamh ar na moltaí a cuireadh os a chomhair ag an ghrúpa oibre a bunaíodh anuraidh le athbhreithniú a dhéanamh ar na coinníollacha ginearálta a bhaineann leis na Coláistí Gaeilge Samhraidh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [23547/96]

Robert Molloy

Ceist:

103 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist an tuarascáil ón ghrúpa oibre a rinne athbhreithniú ar na coinníollacha ginearálta a bhaineann leis na Coláistí Gaeilge Samhraidh a fhoilsiú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [23550/96]

Tógfaidh mé na Ceisteanna Uimh. 100 agus Uimh. 103 le chéile.

Mar a thug mé le fios don Teachta mar fhreagra ar Cheist Dála Uimh. 108 ar 12 Samhain 1996 tá an t-athbhreithniú críochnaithe le tamall, agus tá tuarascáil chuimsitheach le moltaí an ghrúpa athbhreithnithe á scrúdú ag mo Roinn féin agus ag an Roinn Oideachais faoi láthair.

Tá go leor moltaí i gceist, agus tá sé tábhachtach go ndéanfar iad a mheas go cúramach sula ndéanfar cinneadh futhu. Nuair a bheidh an próiséas sin críochnaithe ag an dá Roinn déanfar socruithe chun an tuarascáil a fhoilsiú. Ba mhaith liom a rá, áfach, gur ar éigean go gcuirfear aon moltai i bhfeidm roimh 1998.

Barr
Roinn