Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 22 Jan 1997

Vol. 473 No. 4

Written Answers. - Líon na Gardaí.

Éamon Ó Cuív

Ceist:

429 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Dlí agus Cirt an bhfuil i gceist tuilleadh gardaí a chur ar fáil i gConamara, agus go mór mhór sa taobh ó dheas de Chonamara de bharr an mhéadú ar dhaonra an cheantar; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [1266/97]

Is ar údaráis an Gharda atá an dualgas pearsanra agus acmhainn an Ghárda a dháileamh, go sonrach, ar cheantair éagsúla. Chuir siad scéala chugam go bpóilíntear Conneamara Thuaidh ó Cheanntar na ngardaí an Chlocháin. Faoi láthair, tá scór is sé baill den Fórsa (gach céim) i gCeanntar na ngardaí an Chlocháin, sé sin méadú beirt baill ó 31 Nollaig, 1995.

Tuigim go bpóilíntear Conneamara Theas le baill ó stáisiúin sa Spidéal, Inbreabhán, An Cheathrú Rua, Leitir Móir agus Rosmuc atá faoi chúram Cheanntar na ngardaí i mBóthar na Trá. Tá dáréag baill (gach céim) sna stáisiúin seo i láthair na huaire. Insíonn údaráis an Gharda dom, chomh maith, nach raibh méadú mór tagtha ar dhaonra Chonnemara Theas ar na mallaibh.

Thug údaráis an Gharda le fios dom go bhfuil siad sásta go bhfuil scaradh amach reatha lucht na ngardaí sa cheanntar sách oiriúnach chun riachtanais phóilínithe a chomhlíonadh. Instear dom freisin nach bhfuil sé i gceist gardaí sa bhreis a sheoladh don cheanntar.

Barr
Roinn