Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 5 Mar 1997

Vol. 475 No. 8

Written Answers. - Cliabhán an Chultúir, Carna.

Éamon Ó Cuív

Ceist:

105 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil iarratas aige ó Choiste Forbartha Charna, do thogra ar a nglaotar Cliabhán an Chultúir i gCarna, faoin gClár Feidhme Turasóireachta de chuid Aontas na hEorpa, Dreasachtaí Forbartha Cultúrtha 1994-99, agus chun a fhiafraí de cén uair a dhéanfar cinneadh ar an iarratas seo agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [6245/97]

Is féidir liom a dhearbhú gur chuir Cliabhán an Chultúir Teo, Carna, iarratas isteach chuig mo Roinnse faoi Chéim II den Scéim Dreasachtaí Forbartha Cultúrtha 1994-99. Tá súil agam go mbeidh ar mo chumas cinneadh a ghlacadh faoin iarratas seo go luath.

Barr
Roinn