Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 8 Apr 1997

Vol. 477 No. 2

Written Answers - Television Reception.

David Andrews

Ceist:

40 Mr. Andrews asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht the strategy, if any, he has which will result in an improvement in Teilifís na Gaeilge's reception difficulties. [9010/97]

Faoi mar is eol don Teachta, is ar RTÉ a leagadh an cúram an bonneagar teicniúil riachtanach a thógáil lena chumasú do Theilifís na Gaeilge feidhmiú mar sheirbhís náisiúnta ar leith. Faoi mar a cuireadh in iúl don Teach seo cheana, tá RTÉ tar éis a chinntiú go bhfuil sé indéanta faoi láthair do suas le le 95 faoin gcéad de theaghlaigh an Stáit teacht ar Theilifís na Gaeilge. Do 70 faoin gcéad de theaglaigh, is féidir Teilifís na Gaeilge a fháil gan dul faoi aon chostas breise. Measann RTÉ go bhféadfadh sé tarlú go mbeadh ar suas le 25 faoin gcéad de theaghlaigh, a fhaigheann RTÉ 1 agus Network 2 ar VHF, aeróg UHF a fháil chun teacht ar Theilifís na Gaeilge. Tá i gceist ag RTÉ tabhairt faoina thuilleadh oibre i rith na bliana seo chun an figiúr thuasluaite de 95 faoin gcéad a mheadú.

Tuigtear dom gur léir ó thaighde atá déanta ag Teilifís na Gaeilge go raibh 55 faoin gcéad de theaghlaigh tar éis tiúnadh isteach do Theilifís na Gaeilge faoi thús mhí na Nollag 1996 agus go raibh an figiúr sin méadaithe go 62 faoin gcéad faoi dheireadh mhí Eanáir 1997. D'fhonn cabhrú leis an Teachta na figiúrí seo a chur sa chomhthéacs ceart, ní miste a rá go bhfuil curtha in iúl dom ag RTÉ gur thaispeáin taighde a rinneadh sa bhliain 1978, tar éis do Network 2 a bheith seolta, go raibh 67 faoin gcéad de theaghlaigh tar éis tiúnadh isteach do Network 2 trí mhí i ndiaidh don stáisiún sin teacht ar an aer.
Ba mhaith liom a chur in iúl don Teachta go bhfuil raon de ghníomhaíochtaí á ghlacadh d'fhonn cabhrú le daoine a dteastaíonn uathu Teilifís na Gaeilge a fháil, ar a n-áirítear: feachtas leanúnach eolais ag baint úsáide as an teilifís, raidió agus seó sráide; líne teileafóin ar leith á chur ar fáil ag RTÉ agus a chur chun cinn ar theilifís agus san RTÉ Guide; agus eolas faoin líne teileafóin a bheith á chur ar na foirmeacha a úsáidtear chun an ceadúnas teilifíse a athnuachan.
Barr
Roinn