Is féidir liom a dhearbhú gur chuir Cliabhán an Chultúir Teo, Cárna, iarratas chuig mo Roinnse faoi Chéim II den Scéim Dreasachtaí Forbartha Cultúrtha 1994-99, atá á riaradh agam faoin gClár Feidhme Turasóireachta de chuid an Aontais Eorpaigh. Tá cinneadh i bprionsabal déanta agam i ndáil le cúnamh a chur ar fáil do líon áirithe tograí faoi Chéim II den scéim seo. Níl éirithe go dtí seo leis an iarratas ó Chliabhán an Chultúir Teo.
Ag súil leis an bhféidearthacht, áfach, nach mbeidh gach togra, atá tar éis tairiscint i bprionsabal a fháil faoi chúnamh deontais faoi Chéimenna I agus II den scéim seo, in ann dul chun cinn a dhéanamh laistigh den scála ama atá leagtha síos don bhabhta reatha de na Cistí Struchtúrtha, tá liosta á réiteach de thograí ionadacha a d'fhéadaí a mheas le haghaidh cúnamh deontais ar ball. Táim ag súil go mbeidh ar mo chumas cinneadh a ghlacadh go luath faoi na tograí a chuirfear ar an liosta seo.