Tá ionadaíocht ar an gCoiste Monatóireachta ó na trí Chomharchumann Forbartha ar na hOileáin Arann, ón Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta, ó Roinn na Mara agus ó Roinn an Taoisigh.
Déanann an coiste plé ar nithe a bhaineann le sólathar na seirbhísí farantóireachta a bhfaigheann fóirdheontais ón Stát Chiste. Is é atá i gceist agam ná na seirbhísí lasta/phaisinéirí a oibríonn ó chathair na Gaillimhe agus an tseirbhís phaisinéirí a oibríonn ó Ros A'Mhíl, Contae na Gaillimhe.
Cuireann O'Brien Shipping an tseirbhís lasta/phaisineírí ar fáil ó Ghaillimh de réir conradh buan cúig bliana. Beidh an tréimhse cúig bliana istigh ag deireadh mí Lúnasa i mbliana. Cuirtear deontas £550,000 ar fáil in aghaidh na bliana don tseirbhís seo.
Cuireann Island Ferries Limited an tseirbhís phaisinéirí ar fáil ó Ros A'Mhíl faoi chonradh bliantúil. Cuireadh £60,000 ar fáil i ndáil leis an tseirbhís seo i 1997. Beidh an conradh istigh 30 Aibreán 1997.
Tionóladh an criunniú is deireanaí den gCoiste Monatóireachta Dé hAoine, 11 Aibreáin 1997. Shocraigh na hionadaithe ó na h-oileáin gan freastal ar an gcruinniú. Mar gheall ar sin, bheartaigh an coiste a gcuid gnó a chur an ceal go ceann tamaill.
Is é príomh teáma Tuarascáil na nOileán saol eacnamaíochta agus sóisialta muintir na n-oileáin a chur chun cinn agus go gcaithfidh na heagrais eagsúla obair as lámha a chéile. Síleann an Coiste Monatóireachta go bhfuil sé thar a bheith riachtanach go mbeidh na baill ó na h-oileáin sásta páirt iomlán a ghlacadh ionas go mbeadh an coiste in ann feidhmiú go héifeachtach.
Táim ar aon fhocal leis an gcoiste faoin bpointe seo agus tuigim gurb é an Coiste Monatóireachta an forám cuí chun nithe a bhaineann leis na seirbhisí seo a phlé. Tuigim freisin go bhfuil sé tábhachtach go gcuirfear dearcadh na n-oileánach faoi bhráid an chruinnithe. Sa deireadh thiar thall, is iad siúd a bhaineann feidhm as na seirbhísí agus tá sé riachtanach go mbeidh ionadaíocht ann ó na hOileáin Arann.
Déanfaidh mé mo sheacht ndícheall féachaint chuige an bhféadfaimís teacht ar chomhréiteach agus tá súil agam go mbualfadh an Coiste Monatóireachta arís go luath amach anseo.