Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 30 Apr 1997

Vol. 478 No. 5

Written Answers. - Postanna Múinteoirí.

Éamon Ó Cuív

Ceist:

99 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais an bhfuil i gceist aici múinteoir feabhais a cheapadh do Scoil Dara, an Rinn Mhór, Gaillimh, ina bhfuil 260 scoláire. [11678/97]

Tá ceist soláthar múinteoirí feabhais breise do bhunscoileanna don scoilbhliain atá le teacht, á breathniú agam faoi láthair.

Is féidir liom a dhearbhú don Teacha go gcuirfear riachtanais na scoile dá dtagraíonn sé san áireamh mar chuid den phróiseas seo.

Barr
Roinn