Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 13 May 1997

Vol. 479 No. 2

Other Questions. - Asgard.

Peadar Clohessy

Ceist:

14 D'fhiafraigh Mr. Clohessy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé sásta leis an réiteach atá ann faoi láthair faoin mbád seoil Asgard a choinneáil taobh istigh de Mhúsaem Chill Mhaighneann; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12702/97]

Tháinig an bád Asgard isteach i seilbh Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta agus Sealúchais Stairiúla sa bhliain 1996 nuair a tugadh Príosún Chill Mhaighneann ar ais don Stát. I bhfianaise tábhacht an bháid ó thaobh na staire de, tá sé i gceist é a choimeád in úinéireacht an Stáit. Tá na roghanna maidir leis an áit ina lonnófar an bád amach anseo á mbreithniú faoi láthair.

Fuair mé scéal — mar is eol don Aire, mar scríobh mé chun an Roinn roimhe seo — go raibh droch chaoi ar an bád stairiúl seo ins an áit ina bhfuil sé lonnaithe faoi láthair. Tá meath a teacht ar adhmaid an báid agus cur sé as dom go mór é sin a cloisteáil. Tá mé ag scríobh chuig Rannaí Stáit le roinnt bliain anuas agus níl toradh sásúil fáighte agam fós. Is bád an-tábhachtach é seo ar stair na tíre. Ó mo thaobh fhéin, táim bródúil gur sheol mé an bád seo sa bhfarraige mór blianta ó shin agus bhí baint agam leis é a chur san áit ina bhfuil sé faoi láthair. Níl aon cúram ormsa ó shin faoi cén chaoi a bhfuil siad a bhreathnú i ndiaidh an báid agus tá an-imní orm faoi na scéalta a chuala mé. Ba mhaith liom a ndeimhneoidh an Aire go bhfuil rudaí i gceart, go bhfuil an bád á choinneál slán agus nach bhfuil sé ag meath nó ag titim as a chéile ag teacht. An rinne sé aon bhreithiúnas nó survey a bhféadfaigh an báid a dheisiú agus a chur ar ais ar an fhairraige? Tá daoine a rá gur bhféadfaigh é sin a dhéanamh, cé narbh é sin an comhairle a fuair mé nuair abhí mé ag plé le cursaí seo sa Roinn Cosanta.

Glacaim le suim an Teachta sa cúrsa seo agus cúrsaí seoldóireachta go háirithe agus go ghinearálta. Ba mhaith liom an méid eolas agus is mó a thabhairt do. Tá cúram á thabhairt don Asgard. Faoi láthair, tá bealaí éagsúla chun é aúsáid san dea-chaoi á breithniú againn. Mar shampla, do bhuail fo-choiste ón Comhairle Oidhreachta leis an dream fiondúireacht a raibh suim acu é a athchomhrú. Ghlac siad le tuairim áirithe ach níor phlé siad é san comhradh ghinearálta don Comhairle Oidhreachta. Glacaim leis an suim ag an dream chun é a dhéanamh ach tá difir an-mhór idir é a athchomhrú agus é a chuimhnigh. Mar go bhfuil sé i gceist acu é a athúsáid i maith coinníollachta, beidh poiblíocht faoi sin go mbeadh sé ar an farraige arís agus mar sin de, níl sin an díreach a bhí acu. Tagann duine go dtí an poinnte sin ar an bealach is fearr í a chuimhnigh agus bhí tagairt sna páipéirí ar chóir go mbeadh sé i coileán ionad nua an Museum. Nuair a dhúirt mé go mbeadh sé á breithniú faoi láthair, b'fhéidir go bhfuil bealach ann, mar shampla, é a lonnadh i Ringsend ar talamh. Caithim a glacadh le tuairimí na saineolaithe chun an chaoi is fearr chun an obair a dhéanamh. Mar a dúirt mé ar na bealaí éagsúla, ba chóir duinn ord cheart a thabhairt má déanfar an cuimhne é a caoimhniú. Táim ar a laghad sásta sin a dhéanamh ach caithfidh muid eolas breise a fháil faoin chaoi chun is féidir sin a dhéanamh agus an áit is caoi chun é a lonnadh.

An bhfuil sé i dheimhniú nach bhfuil an bád ag dul in olcas?

Níl na tuairisc a fháil san file agam ach bhí me buairthe nuair a léidh mé litir a rá go raibh sé i titim in olcas. Sin an fáth gur iar mé ar tuairisc iomlán ar fháil iomlan agus tá sé ar intinn ann é a chosaint, a chuimhniú agus cinneadh a thógaint ar an chaoi is féidir é a chur ar fáil don phobal, mar tá stair a bhaint leis.

Chur mé an Cheist seo le Roinn an Taoisigh sé bhliain ó shin, mar tá sé ag dul ar aghaidh chomh fada sin le staid an bád agus cad a bheith sa lonnadh do. Chur sé imní orm go bhfuil an tAire a rá anois go bhfuil survey á dhéanamh agus nach bhfuil toradh sin ar fáil fós, cé go bhfuil an Cheist seo tarraingthe anuas agam go minic idir an dhá linn ar feadh cúig nó sé blianta.

Tá an tuairisc a ghabhail sin againn agus léiríonn sé go bhfuil deisiúchán ag teastáil don bháid. Táimíd ag ullmhú chun sin é a dhéanamh. Má bhfuil deisiú le dhéanamh ar rud chun é a chur ar ais ar an bhfarraige, sin rud amháin, ach má bhfuil deiseacháin le dhéanamh chun é a bheith ar fháil agus é a cuimhniú, sin rud eile. Sin an fáth go gcaithfidhmíd socrú ar céard atá in ann don tacaí ó thaobh an báid. Táimid ag tabhairt ard faoi láthair.

An bhfuil sé ar intinn ag an Rialtas roinnt áirithe airgid a soláthair anois díreach chun pé caomhnú is gháth a dhéanamh? De réir mar a cloisim, is ag dul in olcas atá an bád i ndiaidh an lae.

Níl sé sin fíor. Nuair a fuaireas an chéad réamh tuairiscáil i samhradh 1996, tosnaíonn an obair cuimhniú. Is ar an Stáit a leagan an uaireacheann costais agus táimíd sásta an costas a íoc. Tá an obair tosnaithe ón tsamhradh seo caite. i mí Meitheamh 1996. Tá sé ar intinn againn é a leanúint ar aghaidh ach an rud nach bhfuil socraithe — tá mé ionrachtúil faoin rud seo — ná cén chaoi is fearr é a chur ar fáil san tochaí. Níl éinne a rá ag an pointe seo go mbeadh sé i chór é a chur ar ais ar an farraige díreach mar a bhí sé — sin mar thuigim é. Tá an obair ar súil agus táim sásta go mbeadh muid in ann é dheisiú rud faoin tacaí an vessel.

Barr
Roinn