Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 13 May 1997

Vol. 479 No. 2

Written Answers. - Scéim Labhairt na Gaeilge.

Helen Keogh

Ceist:

21 D'fhiafraigh Ms Keogh den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an gcuirfidh sé in iúl cé mhéid deontas faoi Scéim Labhairt na Gaeilge a íocadh sa Scoilbhliain 1995-96; an bhfuil sé sásta le toradh na hathruithe ar an scéim seo; agus an bhfuil sé i gceist aige athrú eile a dhéanamh ar an scéim. [12703/97]

Íocadh deontas faoi Scéim Labhairt na Gaeilge le 3,188 teaghlaigh sa scoilbhliain 1995/96.

Táim sásta leis an toradh atá á fháil ón scéim ó leasaíodh í agus níl sé beartaithe agam athruithe sonracha eile a dhéanamh ar an scéim faoi láthair.

Barr
Roinn