Tá foráil san Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, faoinar féidir — d'fhonn forbairt na Gaeltachta a chur chun cinn ó thaobh teanga, cultúir, sóisialachta, gnéithiúlachta agus geilleagair — cumhachtaí breise a thabhairt don Údarás le hordú ón Rialtas. Sula bhféadfadh mise a iarraidh ar an Rialtas ordú mar sin a dhéanamh, bheadh sé riachtanach don Údarás cás iomlán a chur faoi mo bhráid a léireodh go soiléir go bhféadfadh sé cúraimí atá ar eagrais eile a chur i bhfeidhm ar shlí atá níos éifeachtaí chun leas na Gaeltachta ná mar atá na cúraimí sin á gcur i gcrích cheana féin.
Tuigim nach bhfuarthas cás mar sin ón Údarás riamh. Ach cás mar sin a fháil, beidh mise lánsásta é a scrúdú go báúil i gcomhairle leis na Ranna Stáit iomchuí.