Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 25 Nov 1997

Vol. 483 No. 3

Written Answers. - Pobalscoil Ghaoth Dobhair.

Dinny McGinley

Ceist:

426 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Oideachais agus Eolaíochta an dtuigeann sé an géarghá le halla oiriúnach spóirt a chur ar fáil do Phobalscoil Ghaoth Dobhair; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [20592/97]

‘Sé mo pholaisí hallaí chorpoideachais a chur ar fáil céim ar chéim do gach scoil nach bhfuil an áis sin acu cheana de réir mar a bhíonn achmhainní chaipitil ar fáil.

Caithfear ceist áiseanna chorpoideachais a sholáthar do Phobalscoil Ghaoth Dobhair a mheas i gcomhthéacs an chaipitil atá ar fáil i gcóir scoileanna iarbhunoideachais i gcoitinne. Toisc an éileamh ar chóiríocht breise a bheith an-ard, níl ar mo chumas a rá go cruinn cathain a cuirfear áiseanna chorpoideachais ar fáil sa chás seo.

Tabharfar riachtanais na scoile seo san áireamh de réir mar a cheadaíonn cuinsí airgeadais.

Barr
Roinn