Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 34 agus Uimh. 138 le chéile.
Glacfar le gach deis oiriúnach chun úsáid agus stádas na Gaeilge, ar a n-áirítear í a bheith mar theanga oifigiúil, a chur chun cinn sa Aontas Eorpach agus in obair institiúidí an Aontais. Is céim chun cinn í, mar sin, an fhoráil i gConradh Amsterdam faoina mbeidh sé de cheart ag gach saoránach scríobh chuig agus freagra a fháil ó institiúidí an Aontais Eorpaigh ina rogha teanga Conartha, ar a n-áirítear an Ghaeilge. Mar thoradh, beidh saoránaigh na hÉireann in ann dul i mbun comhfhreagrais le hinstitiúidí an Aontas Eorpaigh trí mheán na nGaeilge don chéad uair.
Tá gnéithe eile den cheist seo á scrúdú i láthair na huaire le féachaint le dul chun cinn a dhéanamh fúthu.