Is Bord Stáit reachtúil é Bord na Gaeilge. Tá cumhachtaí agus feidhmeanna an bhoird leagtha síos san Acht um Bord na Gaeilge, 1978. Is gnó don bhord féin a chuid oibre d'aon bhliain ar leith a phleanáil faoi réir na bhfeidhmeanna agus na gcumhachtaí atá tugtha dó. Tugtar cuntas ar an obair sin i dtuarascálacha an bhoird a leagtar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.
Is é príomhchúram an bhoird an Ghaeilge agus go háirithe a húsáid mar theanga bheo agus mar ghnáthmheán cumarsáide a chur chun cinn. Tá ról tábhachtach ag an mbord freisin maidir leis an mbeartas i dtaca le feabhas a chur ar an bhfáil ar sheirbhísí Stáit trí Ghaeilge nó go dátheangach.