Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 2 Dec 1997

Vol. 483 No. 6

Written Answers. - Offshore Islands.

Dinny McGinley

Ceist:

350 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cad iad na hoileáin ar chósta Dhún na nGall a bhfuil stádas speisialta infheistíochta acu ón Bhille Airgeadais, 1996 agus an gcuirfidh sí oileán Ghabhla leis an liosta sin. [21537/97]

Faoi réir na socruithe a deineadh sa Bhille Airgeadais 1996 tá stádas speisialta infheistíochta ag na hOileáin Árann Mhór, Innis Bó Finne, Inis Fraoigh agus Oileán Tóraí atá i gceantar feidhme Chontae Dhún na nGall. Tugadh aitheantas speisialta chun críche na bhfórálacha mar a léirítear iad in altanna 65-70 den Bhille Airgeadais thuas do 21 oileán amach ón gcósta a bhí sonraithe i dTuarascáil an Choiste Idir-Ranna Comhordaithe um Fhorbairt Oileán agus a raibh buanchónaí orthu le glúin amháin anus, ar a laghad,. Tuigim nár tugadh an t-aitheantas sin d'Oileán Ghabla ar an mbonn nach raibh an coinníoll thuas faoi bhuanchónaí comhlíonta ina chás.

Barr
Roinn