Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 2 Dec 1997

Vol. 483 No. 6

Written Answers. - Meastachán Bhord na Gaeilge.

Enda Kenny

Ceist:

353 D'fhiafraigh Mr. Kenny den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an ndéanfaidh sí ráiteas faoin méadú de 15 faoin gcéad i meastacháin Bhord na Gaeilge; an ndéarfaidh sí cén chaoi ina gcaithfear an t-airgead breise seo; an ndéarfaidh sí an mbeidh sé fógraithe do na heagrais éagsúla foirm iarratais a chur isteach do Bhord na Gaeilge; agus an ndéarfaidh sí cad é an ceangal atá idir an Roinn agus an bord ó thaobh chaitheamh an airgid bhreise seo. [21540/97]

Is cúram do Bhord na Gaeilge é a chlár oibre a cheapadh agus a fheidhmiú chun an Gaeilge a chur chun cinn agus go háirithe a húsáid mar ghnáthmheán cumarsáide a fhorbairt. Tuigim ón mbord go mbeidh clár oibre na bliana 1998 á réiteach acu in oiriúint don deontas-i-gcabhair do £2.96m don bhliain sin. Bíonn teagmháil rialta idir mo Roinnse agus an bord mar is cuí ag leibhéil éagsúla maidir le cur chun cinn na Gaeilge.

Barr
Roinn