Trevor Sargent
Ceist:20 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Oideachais agus Eolaíochta an bhfuil teagmháil déanta aige le Coiste Gairmoideachais chathair Bhaile Átha Cliath nó le grúpa ar bith eile atá ag iar-raidh scoil daraleibhéal lán-Ghaeilge a bhunú chun freastal ar Scoil an Duinnínigh, Scoil Nea-sáin, Gaelscoil Míde agus Gaelscoil Cholm Cille; agus cén plean atá aige chun an cuspóir seo a chur i gcrích. [21658/97]