Ba mhór an buille ní hamháin do na hoibrithe sa tionscal féin ach do Ghaeltacht iar-thuaisceart Dhún na nGall an ráiteas ó mhonarcha RMT an tseachtain seo caite go raibh suas le 130 oibrí le ligint chun bealaigh. D'fhéadfá comparáid a dhéanamh idir sin i gceantar tuaithe agus an rud a tharla anseo i mBaile Átha Cliath le Packard nó i gceantar an Aire Stáit é féin le Digital i nGaillimh. Sin go díreach chomh holc is atá sé. Chuaigh an tionscal seo i mbun tairgíochta i l991 — sé bliana ó shin — agus faoi láthair tá suas le 250 oibrí fostaithe acu. Ba é seo an mhonarcha ba mhó a thug fostaíocht ar an Eastáit Tionscail i nGaoth Dóbhair agus tá comhnaí ar fhurmhór de na hoibrithe i nGaoth Dobhair féin, sna Rossa agus i gCloch Chonn Fhíola, trí pharóiste sa fíor-Ghaeltacht. Ba é an t-ar-Thaoiseach Cathal Ó hEochaidh a rinne an oscailt oifigiúil i 1991. Bhí dóchas againn uilig an lá sin go mairfeadh an tionscal agus an fhostaíocht ar feadh na mblianta fada.
Páirteanna ruibeair do thionscal na gcárranna atá á dtairgeadh acu agus ó thárla tionscal na ngluaisteán a bheith chomh láidir bríomhar sin faoi láthair níor shamhail éinne go dtiocfadh ráiteas tubaisteach na seachtaine seo caite. Bhí infheistíocht iomlán de £14 millúin déanta sa chomhlacht agus go dtí seo tuigim go bhfuil deontais beagnach £5 millúin díolta ag Údarás na Gaeltachta leo. Ní thuigeann duine ar bith dár casadh orm cén chúis atá leis na deacrachtaí a deir an bhainistíocht atá acu. Tá éileamh láidir ar an táirge. Tá na hoibrithe oilte, cumasach agus dílis dá gcuid postanna agus don mhonarcha. Ach mar sin féin scaoiltear suas le 130 chun bóthair.
Sé an t-aon leithscéal atá ag an chomhlacht ná go bhfuil iomaíocht ghéar ó thíortha in Oirthear na hEorpa, macasamhail Latvia, An Phólainn, an tSeicoslóvaic agus ó thíortha eile mar sin. Ach nach sílfeadh duine ar bith réasúnta go dtuigfeadh an comhlacht sin agus go n-aithneodh siad na deacrachtaí cúpla bliain ó shin agus iad ag teacht isteach go dtí an ceantar?
Sílim go bhfuil ceisteanna práinneacha le freagairt ag an chomhlacht. Cé mhéid monarcha eile atá druidte acu le cúpla bliain? Tháinig siad amach as Albain cúpla bliain ó shin agus tháinig siad amach as tionscal a bhí acu i mBéal Átha Seanaigh a bhí ag tairgeadh an rud céanna atá á thairgeadh i nGaoth Dobhair i láthair na huaire.
D'fhéadfa a rá go bhfuil sé mar nós acu dul ó áit go háit ag oscailt agus ag druid monarcha nuair a oireann sin dóibh gan aird a thabhairt ar an chruatan a fhágann siad in a ndiaidh. Faoi cheann cúpla mí beidh níos mó ná leath de na hoibrithe ligthe chun bealaigh agus gan fhios acu cá bhfaighidh siad post eile. Daoine óga a bhfurmhór a bhfuil cúramaí teaghlaigh agus freagrachtaí mórgáistí ar go leor acu.
Tá dualgas orainn uilig gach dícheall a dhéanamh fostaíocht agus obair eile a chur ar fáil dóibh. Mura ndéanfar sin agus mura ndéanfar é gan mhoill is eagal liom nach bhfuil i ndán dóibh ach an bád. Chomh maith leis sin tá sé fíor-thábhachtach go gcosnófar agus go gcaomhnófar na postanna atá fágtha sa mhonarcha.
Le blianta anuas bhí Eastát Tionscail Ghaoth Dobhair aitheanta mar an seod ba lionnrí i gcoróin an Údaráis agus na Gaeltachta. Le trí mhí anuas áfach tá dhá chéad agus dhá scór post caillte ansin — 60 i BMR i mi Dheireadh Fómhair seo caite; 50 i Europlast roimh an Nollaig agus anois 130 in RMT. Is mór an buille é sin ní hamháin do na tionscail ach do na hoibrithe atá ag cailleadh a gcuid postanna agus fosta d'ár muinín agus d'ár ndóchas san Eastát féin.
Tá géarghá le beart a chuirfeadh muinín agus dóchas arais ní hamháin i dtionscal RMT ach san Eastát ar fad. Is ar an Údarás agus ar an Roinn atá na dualgais sin agus tá mé ag iarraidh ar an Aire achan tacaíocht is gá a thabhairt leis na postanna atá fágtha a chosaint agus a chaomhnú agus fostaíocht bhreise a bhunú le déanamh suas ar son an méid atá caillte ansin le cúpla mí anuas.