Ba mhaith liom soiléiriú beag a thabhairt don Teachta. Ní fhéadfainn cinneadh a dhéanamh gan iarratas agus mar is eol don Teachta bhí sean-iarratas curtha isteach a mbeidh athnuachan le déanamh air i gcomhthéacs na gcostas a bhainfidh le hiarratas nua. Freisin, beidh ar an dream a chuirfidh an t-iarratas isteach a rá an bhfuil na foinsí airgid a bhí measta acu ag an am sin le fáil don togra seo anois. D'fhéadfadh impleachtaí costais a bheith ag baint le coinníollacha a ghabhfadh leis an iarratas pleanála.
Ag éirí as an gcuairt a thug mise ar Inis Bigil agus as cuairt a thug oifigeach de mo Roinnse ar an oileán le mí anuas, táimid réidh anois chun glacadh le hiarratas ón gcomharchumann ansin ar charr-chábla a chur isteach. Nuair a gheofar an t-iarratas sin, déanfar é a mheas go scioptha. Caithfear na himpleachtaí airgid a bhainfidh leis a scrúdú agus mar sin beidh mé ag iarraidh meastachán athbhreithnithe ón gcomharchumann maidir le foinsí airgid.
Idir an dá linn, tá roinnt mioncheisteanna curtha ag an Roinn ar Roinn na Mara. Táimid ag súil le freagra uathu réasúnta luath agus cead pleanála a bheith ar fáil maraon le hiarratas nua ón gcomharchumann ar an gcarr-chábla, ní chuirfidh aon fhiosrúchán atá an Roinn ag déanamh ag an am gcéanna aon mhoill ar chinneadh a dhéanamh ar iarratas an chomharchumainn.
Tá súil agam go bhfuil an Teachta sásta go bhfuil gach dícheall á dhéanamh ag an dá thaobh, an comharchumann agus an Roinn i dteannta a chéile, chun an cheist seo a bhrú chun críche. Beidh fadhb Inis Bigil ó thaobh cúrsaí rochtana réitithe i dtéarma an Rialtais seo, rud ar trua nach dearnadh i dtéarma an Rialtais dheiridh.